Annual Report of the Information Commissioner 2016

Cuid II - An Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil

Clár Ábhar

Réamhrá

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCFC) faoi alt 12 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 go 2014 (Rialacháin RFC). Trasuíonn Rialacháin RFC Treoir 2003/4/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol (Treoir RFC). Leis an Treoir RFC, déantar an chéad cholún - rochtain ar fhaisnéis - de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip um Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus) a chur i bhfeidhm.

Is é an ról atá agam mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna údarás poiblí atá á n-achomharc ag iarratasóirí nach bhfuil sásta leis an toradh ar iarrataí a rinneadh faoi na Rialacháin RFC. Agus breith fhoirmiúil scríofa á déanamh agam ar achomharc, is féidir liom breith an údaráis phoiblí a dhaingniú, a athrú nó a neamhniú - sa mhéid gur ábhar é an bhreith sin den athbhreithniú. Tá mo bhreitheanna ar achomhairc críochnaitheach agus ceangailteach ar na páirtithe lena mbaineann, ach amháin má dhéantar achomharc eile chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí. Thug mé 35 breith fhoirmiúil in 2017, líon níos mó ná aon bhliain eile ó bunaíodh OCFC in 2007.

Cé go gcuirtear cabhair ar fáil dom ag foireann Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OCF) agus ag na hacmhainní eile atá ar fáil di, is meicníocht achomharc reachtúil neamhspleách é an OCFC atá deighilte ó thaobh an dlí ó OCF. Sannadh imscrúdaitheoir breise do OCFC ag deireadh 2017, agus tá triúr imscrúdaitheoirí OCFC ann anois. Earcaíodh an t-imscrúdaitheoir trí chomórtas oscailte Phríomhoifigeach Cúnta arna reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Mar thoradh ar sholáthar feabhsaithe foirne ag OCFC le blianta beaga anuas, tá méadú i líon na gcásanna a cuireadh i gcríoch ag m’Oifig agus feabhsú in agaí comhlánaithe.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar oibriú an chórais RFC in Éirinn, tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin ag www.ocei.ie, lena n-áirítear naisc chuig Tuarascálacha Bliantúla roimhe seo ón Oifig seo, Lámhleabhar um Nósanna Imeachta OCFC, suíomh gréasáin na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, agus Treoir 2003/4/AE.Is féidir teacht ar mo bhreitheanna ar fad ar shuíomh gréasáin OCFC ar an leathanach gréasáin Breitheanna.

Eochairstaitisticí OCFC in 2017

Achomhairc a fuair OCFC in 2017

Ag tús 2017, bhí 39 achomharc idir lámha ag OCFC; 36 ó 2016 agus trí cinn ó 2015. In 2017, fuair OCFC 52 achomharc nua ó 16 achomharcóirí. Is ionann sin agus líon na n-achomharc nua a fuarthas in 2016. Sa bhreis ar na 52 achomharc nua a fuarthas in 2017, tarchuireadh cás amháin chuig OCFC ag an gCúirt Achomhairc (féach ar Minch -v- an Coimisinéir um Fháisnéis Comhshaoil & Roinnt Freagróirí [2017] IECA 223 (Minch) faoi ‘Imeachtaí Cúirte 2017’).

Ag deireadh 2017, bhí 41 achomharc bailí idir lámha ag OCFC. As na 41 achomharc sin, fuarthas 38 in 2017, dhá cheann in 2016, agus tarchuireadh an t-achomharc Minch chuig OCFC ag an gCúirt Achomhairc. Agus é seo á scríobh agam, tá breith nua déanta agam in Minch agus breith i gceann amháin den dá achomharc ó 2016, agus tá an t-achomharc eile ó 2016 á phróiseáil ag Imscrúdaitheoir

Léiríonn an dá chairt thíos líon na n-achomharc a fuarthas, agus líon na n-achomharc a bhí idir lámha ar an 31 Nollaig gach bliain ó 2009 go 2017.

Líon na n-achomharc a fuarthas ó 2009 go 2017
Líon na n-achomharc a bhí idir lámha ar an 31 Nollaig ó 2009 go 2017
Cásanna a cuireadh i gcrích ag OCFC in 2017

Chuir OCFC 51 cás i gcrích in 2017 - níos mó cásanna ná mar a cuireadh i gcrích aon bhliain eile ónar bunaíodh é in 2007. Thug mé 35 breith fhoirmiúil in 2017; ba shin líon níos mó ná aon bhliain ó 2007 freisin. Seo a leanas torthaí na 51 cás a cuireadh i gcrích ag OCFC in 2017:

  • cuireadh 35 cás i gcrích le breith fhoirmiúil
  • bhí sé achomharc neamhbhailí
  • aistarraingíodh seacht gcás
  • socraíodh cás amháin
  • scoireadh de dhá chás

Tháinig laghdú ar líon na laethanta a thóg sé chun achomharc a chur i gcrích faoi 54 lá, ó 316 lá in 2016 go 262 lá in 2017.

Léiríonn an dá chairt thíos torthaí na n-achomharc a cuireadh i gcrích ag OCFC in 2017, agus torthaí na n-achomharc a cuireadh i gcrích ag OCFC ó 2009 go 2017.

Toradh cásanna OCFC a cuireadh i gcrích in 2017
Toradh cásanna OCFC ó 2009 go 2017
Fiosrúcháin a fuair OCFC in 2017

Rinne m’fhoireann taifead ar 15 fiosrúchán ginearálta faoi na Rialacháin RFC in 2017. In 2017, phróiseáil m’Oifig iarraidh amháin faoi na Rialacháin RFC agus iarraidh amháin faoin Acht SF 2014.

Cumhachtaí faoi airteagal 12(6) de na Rialacháin RFC

Le hairteagal 12(6) de na Rialacháin RFC, foráiltear, agus athbhreithniú ar achomharc á dhéanamh agam, gur féidir liom:

  • ceangal ar údarás poiblí faisnéis comhshaoil a chur ar fáil dom
  • scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis comhshaoil atá i seilbh údarás poiblí agus cóipeanna a dhéanamh den fhaisnéis sin
  • dul isteach in aon áitreabh atá á áitiú ag údarás poiblí d’fhonn faisnéis comhshaoil a fháil

Tá áthas orm a thuairisciú nár ghá dom na cumhachtaí sin a chur i bhfeidhm in 2017.

Diúltaithe measta in 2017

Go bunúsach, tarlaíonn diúltú measta nuair a theipeann ar údarás poiblí breith a thabhairt ar iarraidh in am. Leis na Rialacháin RFC, forchuirtear teorainn ama reachtúil ar údaráis phoiblí maidir le hiarraidh a phróiseáil. Le hairteagal 7 de na Rialacháin RFC, foráiltear nach mór d’údarás poiblí breith a thabhairt ar iarraidh iarratasóra laistigh de mhí féilire amháin, nó, i gcás go síneann an t-údarás poiblí am próiseála na n-iarrataí de bhun méid nó castacht na faisnéise comhshaoil a iarradh, laistigh de dhá mhí féilire, ón dáta a fuarthas an iarraidh. Le hairteagal 11(3) de na Rialacháin, foráiltear nach mór d’údarás poiblí iarratasóir a chur ar an eolas maidir lena bhreith ar an iarraidh laistigh de mhí féilire amháin ón dáta a fuair sé an iarraidh, i gcás go n-iarrtar athbhreithniú inmheánach.

I gcás nach n-eisítear breith ar bith ar an iarraidh bhunaidh (ag an gcéad chéim) nó ar an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach (ag an dara céim), nó i gcás go n-eisítear breith go déanach, faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, meastar go ndearna an t-údarás poiblí cinneadh lenar diúltaíodh géilleadh do rochtain. I ndiaidh diúltú measta ag céim an athbhreithnithe inmheánaigh, tá an t-iarratasóir i dteideal achomharc a dhéanamh chugam le haghaidh athbhreithniú ar dhiúltú an údaráis phoiblí laistigh de mhí féilire amháin ón dáta a bhí breith an údaráis phoiblí le bheith istigh.

Méadú ar líon na ndiúltaithe measta

Tá díomá an domhain orm a thuairisciú go raibh méadú géar i líon na ndiúltaithe measta arna dtaifeadadh ag m’Oifig in 2017. As na cásanna a cuireadh i gcrích ag OCFC in 2017, thaifead m’Oifig go raibh 21 diúltú measta ag an gcéad chéim agus 18 diúltú measta ag an dara céim. <

Tháinig 23% d’achomharc OCFC aníos in 2017 ó iarrataí ar measadh iad a bheith diúltaithe ag údaráis phoiblí ag an dá chéim den iarraidh.

Mar is léir ón gcairt thíos, is é 2017 an bhliain is measa ar fad ar taifead ó thaobh líon na ndiúltaithe measta arna dtaifeadadh ag m’Oifig

Breitheanna i gcás gur theip ar údaráis phoiblí breith a thabhairt ó 2013 go 2017

Is comhartha láidir é an méadú géar i líon na ndiúltaithe measta, dar liom, nach bhfuil údaráis phoiblí ag cur a ndóthain acmhainní ar fáil chun iarrataí a phróiseáil. Tuigim go léirítear le Staitisticí Náisiúnta RFC a thiomsaigh an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (atá ar fáil ar a suíomh gréasáin ‘Staitisticí Náisiúnta RFC’) go bhfuil líon na n-iarrataí á ndéanamh chuig údaráis phoiblí ag dul i méid gach bliain, rud a chuireann brú ar acmhainní teoranta is dócha. Bhí líon na gcásanna nach bhfuair an t-iarratasóir breith tosaigh nó athbhreithniú inmheánach ina dtaobh chomh hard sin nach féidir glacadh leis. Nuair a theiptear breith a dhéanamh ag ceachtar céim dá iarraidh, coinnítear an t-iarratasóir óna cheart rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil faoin dlí náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta. Coinnítear iarrthóirí ó fhaisnéis thábhachtach faoina gceart chun achomharc a dhéanamh ar dhiúltú a n-iarrataí lena leithéid de ‘neamhfhreagra’ freisin.

I gcás 21 (40%) de na 51 cás a cuireadh i gcrích ag OCFC in 2017, theip ar 15 údarás poiblí breith a thabhairt ar iarrataí ag an gcéad chéim laistigh den am a shonraítear ag na Rialacháin RFC. Léiríonn an chairt thíos na húdaráis phoiblí ar theip orthu breitheanna a thabhairt ag an gcéad chéim d’iarrataí RFC.

Diúltaithe measta ag an gcéad chéim in 2017

* Más údarás poiblí é an comhlacht ó thaobh chiall an tsainmhínithe ar “údarás poiblí” in airteagal 3(1) de na Rialacháin RFC is ea an tsaincheist ag croílár an achomhairc

I gcás 18 (35%) de na 51 cás a cuireadh i gcrích ag OCFC in 2017, theip ar 13 údarás poiblí breitheanna maidir le hathbhreithniú inmheánach a thabhairt laistigh den am a shonraítear ag na Rialacháin RFC. Léiríonn an chairt thíos na húdaráis phoiblí ar theip orthu breitheanna a thabhairt ag an dara céim d’iarrataí RFC.

Diúltaithe measta ag an dara céim in 2017

* Más údarás poiblí é comhlacht ó thaobh chiall an tsainmhínithe ar “údarás poiblí” in airteagal 3(1) de na Rialacháin RFC is ea an tsaincheist ag croílár an achomhairc

Cé nach bhfuil Staitisticí Náisiúnta RFC na Roinne le haghaidh 2017 ar fáil go fóill, tugann sracfhéachaint ar líon na n-iarrataí a fuair údaráis phoiblí in 2016 le fios go mbaineann na húdaráis ar theip orthu breitheanna a eisiúint ag an gcéad chéim agus ag an dara céim in 2017 le dhá chatagóir go bunúsach:

  1. iad siúd a fhaigheann líon mór iarrataí
  2. iad siúd a fhaigheann líon beag iarrataí nó comhlachtaí nach bhfuil liostaithe ar chor ar bith i staitisticí 2016

Tacaíonn an méid sin le mo thuairim gur saincheist é an soláthar d’acmhainní sásúla, lena n-áirítear oiliúint don fhoireann maidir le hiarrataí a phróiseáil.

Tugaim faoi deara gur bhain roinnt de na diúltuithe measta sa bhliain 2017 le cásanna nach measann an comhlacht iomchuí é féin gur údarás poiblí é agus nach bhfuil feidhm ag na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol maidir leis dá bharr. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfaidh mé athbhreithniú a dhéanamh ar iarraidh ar diúltaíodh di ar an bhforas nach údarás poiblí é an comhlacht, bheifí ag súil leis go dtabharfadh an comhlacht fógra don iarratasóir faoina chinneadh nach údarás poiblí é chun críocha na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol.

Imeachtaí Cúirte 2017

Is féidir le páirtí in athbhreithniú nó le haon duine eile a bhfuil tionchar ag breith de chuid m’Oifige air nó uirthi, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí.

Minch -v- an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil [2017] IEAC 223

I gcás an Uas. Stephen Minch agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (CEI/13/0006), fuair mé go raibh údar ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha iarraidh an achomharcóra a dhiúltú ar an mbonn nach faisnéis comhshaoil an fhaisnéis a iarradh - tuarascáil dar teideal ‘Anailís ar roghanna le haghaidh idirghabháil ionchasach Stáit maidir le leathanbhanda den chéad ghlúin eile a chur i bhfeidhm’ (an Tuarascáil). Rinne an t-achomharcóir mo bhreith a achomharc chuig an Ard-Chúirt. Fuair an Ard-Chúirt in Minch -v- an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil [2016] IEHC 91 go raibh an tástáil iargúltachta a chuir mé i bhfeidhm róchúng. Chuir an Ard-Chúirt mo bhreith i leataobh agus tharchuir sé an cás chugam. Rinne mé codanna áirithe de bhreith na hArd-Chúirte a achomharc chuig an gCúirt Achomhairc.

Sheachaid an Chúirt Achomhairc a breith in Minch -v- an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil & Roinnt Freagróirí [2017] IECA 223 agus 28 Iúil 2017 (Minch). Dúirt an Chúirt, agus é á mheas aici más beart é an Tuarascáil a théann i bhfeidhm, nó ar dóchúil go rachaidh sé i bhfeidhm, ar ghnéithe den chomhshaol, “gur chóir an tagairt “ar dóchúil go rachaidh sé i bhfeidhm” a thuiscint sa chiall “de chumas aige” dul i bhfeidhm.” Fuair an Chúirt nach raibh mé mícheart sa chinneadh uaim nach faisnéis comhshaoil é an Tuarascáil inti féin i gciall airteagal 3(1)(c). Fuair an Chúirt ina dhiaidh sin, áfach, gur plean é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda (PNL) ar dóchúil go rachadh sé i bhfeidhm ar an gcomhshaol sa chiall a bhaineann le hairteagal 3(1)(c).

Ar an mbun go n-úsáidfí an Tuarascáil laistigh de chreat an PNL, dhaingnigh an Chúirt cinneadh na hArd-Chúirte gur faisnéis comhshaoil atá sa Tuarascáil “ar” anailísí nó toimhdí eacnamaíocha arna n-úsáid laistigh de chreat a chuaigh i bhfeidhm, nó ar dóchúil go rachadh sé i bhfeidhm, ar an gcomhshaol. Luaigh an Chúirt ina dhiaidh sin gur ghlac an Roinn gur úsáideadh an Tuarascáil in ullmhúchán an PNL. D’ordaigh an Chúirt an iarraidh a tharchur chugamsa, “teoranta do mhachnamh faoin gceist maidir leis na díolúintí arbh fhéidir leo dul i bhfeidhm ar scaoileadh na Tuarascála sin”.

Thug mé breith nua i gcás an Uas. Stephen Minch agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (CEI/17/0045) ar an 16 Feabhra 2018.

Redmond & Roinnt Freagróirí -v- an Coimisinéir um Fháisnéis Comhshaoil 2016/27JR

I gcás an Uas. Jim Redmond agus Coillte Teoranta (CEI/14/0011) fuair mé nár bhain faisnéis áirithe maidir le haistriú talún le scóip an tsainmhínithe ar fhaisnéis comhshaoil mar a shainmhínítear é in airteagal 3(1) de na Rialacháin TFC.

I ndiaidh iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ag an achomharcóir agus Bean Redmond, fuair an Ard-Chúirt in Redmond & Roinnt Freagróirí -v- an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil & Roinnt Freagróirí [2017] IEHC 827 go raibh an ceart agam ag baint de thátal nach faisnéis comhshaoil é an fhaisnéis a bhain leis an talamh ar léas a dhíol laistigh de chiall na Rialachán TFC.Dúirt an Ard-Chúirt nach féidir a rá go ndéanann an fhaisnéis lena mbaineann difear, ná gur dóchúil go ndéanfaidh sé difear, do na gnéithe nó tosca den chomhshaol arna dtagairt ag airteagal 3(1)(a) agus 3(1)(b) den sainmhíniú ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.Dúirt an Chúirt freisin gur cosúil nach raibh an Chúirt Achomhairc in Minch i gcoinne an tástáil iargúltachta a úsáid, ach ina ionad sin chuir sí an tástáil sin i bhfeidhm agus fuair sí go raibh an úsáid a bhain mé as an tástáil lochtach.Rinneadh achomharc ar bhreith na hArd-Chúirte sa chás seo chuig an gCúirt Achomhairc i Márta 2018.

Cairde Chomhshaol na hÉireann -v- an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil 2017/298 MCA

Sa bhreith uaim ar Chairde Chomhshaol na hÉireann agus an tSeirbhís Cúirteanna (CEI/16/0038) fuair mé go bhfuil an fhaisnéis a iarradh i seilbh na Seirbhíse Cúirteanna agus í ag gníomhú in inniúlacht bhreithiúnach ar son na Breithiúna. Agus í ag gníomhú in inniúlacht dá leithéid, ní údarás poiblí í an tSeirbhís Cúirteanna laistigh de chiall airteagal 3(1) de na Rialacháin TFC. Dá bhrí sin, fuair mé nach bhfuil aon údarás agam athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith na Seirbhíse Cúirteanna ar an iarraidh TFC. Rinneadh an bhreith a achomharc chuig an gCúirt Achomhairc i Meán Fómhair 2017.

Cumarsáid leis an gCoiste um Chomhlíonadh de chuid Choimisiún Aarhus (CCCA/C/2016/141)

Thuairiscigh mé i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil 2016 uaim gur sheol Right to Know CLG (grúpa abhcóideachta Éireannach atá ag plé le rochtain an phobail ar fhaisnéis) teachtaireacht chuig an gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (CCCA/C/2016/141) maidir le gnéithe de chomhlíonadh na hÉireann leis an gCoinbhinsiún.Sa teachtaireacht, rinneadh tagairt do phróiseáil iarrataí ag OCFC. Sheol an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil freagra ar an teachtaireacht sin chuig an gCoiste um Chomhlíonadh ar an 5 Bealtaine 2017 (atá ar fáil anseo). Níl aon dul chun cinn ar an teachtaireacht sin le tuairisciú faoi láthair.

Saincheisteanna a tháinig chun cinn

Sa bhreis ar mhéadú i líon na ndiúltaithe measta a pléadh thuas, áirítear ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn i m’Oifig in 2017:

  • céatadán suntasach na n-achomharc a bhain le sainmhíniú ar “fhaisnéis comhshaoil” agus “údarás poiblí”
  • líon measartha beag na n-achomharc a bhain le húsáid na n-eisceachtaí maidir le nochtadh agus leis an tástáil um leas an phobail
  • céatadán suntasach na n-achomharc a bhain leis an gceist an raibh an fhaisnéis a iarradh i seilbh an údaráis phoiblí, nó an raibh faisnéis bhreise aige sa bhreis ar an méid a aithníodh le haghaidh scaoilte

Ardaíonn an pointe deireanach sin ceisteanna ionchasacha faoin leibhéal muiníne idir iarratasóirí ar fhaisnéis comhshaoil faoi na Rialacháin TFC agus na húdaráis phoiblí a bhíonn á bpróiseáil.

Is minic a chuirtear leis na deacrachtaí a thagann aníos leis an gcineál sainmhínithe atá sna Rialacháin RFC, ar nós an tsainmhínithe ar “fhaisnéis comhshaoil” agus “údarás poiblí”. Nath teicniúil le ciall dhlíthiúil atá sa sainmhíniú ar fhaisnéis comhshaoil. Ní mór don údarás poiblí a chiall féin a bhaint as an gceist trí scrúdú cás ar chás a dhéanamh le fáil amach más faisnéis comhshaoil atá i gceist. Ina theannta sin, athraíonn an cineál freagrachtaí agus feidhmeanna poiblí a bhíonn ag eintitis, agus ciallaíonn sin nach léir uaireanta más údarás poiblí é eintiteas laistigh den sainmhíniú air sna Rialacháin RFC. Cuireann an méid sin castacht bhreise le hachomhairc RFC. Tá an caidreamh a bhíonn idir roinnt údarás poiblí agus a bhfochuideachtaí ag éirí níos casta freisin, agus fágann sin nach léir cén áit ar chóir an iarraidh a chur isteach.

Ceisteanna tairsí dlínse

Bhain líon suntasach na mbreitheanna a thug mé in 2017 le ceisteanna tairsí dlínse maidir le feidhmiú na sainmhínithe ar “fhaisnéis comhshaoil” agus “údarás poiblí” in airteagal 3(1) de na Rialacháin RFC.

Bhain 43% de na breitheanna a thug an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil leis an gceist an "faisnéis comhshaoil" a bhí san fhaisnéis a iarradh, nó an "údarás poiblí" a bhí sa chomhlacht a fuair an iarraidh

Bhain deich gcinn (29%) de na 35 breith a thug mé leis an gceist más “faisnéis comhshaoil” a bhí i gceist leis an bhfaisnéis a iarradh, nó más “údarás poiblí” a bhí sa chomhlacht a fuair an iarraidh. San iomlán, bhí saincheist dhlínse i gceist le 15 (43%) de na 35 breith a thug mé. Maidir leis an deich mbreith ina raibh an tsaincheist tairsí dlínse amháin á meas, dhaingnigh mé an bhreith i 3 (30%) de na hachomhairc agus neamhnigh mé an bhreith i 4 (40%) acu. D’athraigh mé breith an údaráis phoiblí i gceann amháin (10%) de na deich mbreith. Maidir le dhá cheann (20%) de na deich mbreith, ní raibh an fhaisnéis chéanna agam le linn m’athbhreithnithe is a bhí ar fáil don chinnteoir bunaidh. Mar sin, níor cheap mé go raibh sé oiriúnach dom an bhreith a dhaingniú ná a neamhniú, ná éileamh ar an údarás poiblí faisnéis bhreise a chur ar fáil don achomharcóir.

Úsáid theoranta na n-eisceachtaí maidir le nochtadh

I gcodarsnacht le codán na mbreitheanna a bhain le ceisteanna tairsí dlínse, bhí líon teoranta breitheanna ina raibh úsáid na n-eisceachtaí maidir le nochtadh agus úsáid na tástála leas an phobail sna Rialacháin RFC á meas. Maidir leis na 35 breith cheangailteach a thug mé in 2017, níor bhain ach ocht (23%) gcinn le diúltú géilleadh do rochtain ar fhaisnéis trí na heisceachtaí maidir le nochtadh atá leagtha amach sna Rialacháin RFC a úsáid. I gcúig cinn (62.5%) de na hocht mbreith, dhaingnigh mé breith an údaráis phoiblí ábhartha. I dtrí cinn (37.5%) de na hocht mbreith, neamhnigh mé breith an údaráis phoiblí ábhartha.

Níor bhain ach 23% de bhreitheanna a thug an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil le húsáid na n-eisceachtaí maidir le nochtadh a meas

Faisnéis atá á sealbhú ag údarás poiblí nó thar a cheann

Le líon suntasach na mbreitheanna uaim in 2017, tháinig an cheist aníos an raibh an fhaisnéis (nó faisnéis bhreise) a iarradh á sealbhú ag an údarás poiblí nó ag duine nó comhlacht eile ar nós fochuideachta an údaráis.

I gcás 34% de na breitheanna a thug an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, ceist lárnach den achomharc ab ea an raibh an fhaisnéis á sealbhú ag an údarás poiblí nó thar a cheann

Cé gur gné chomónta d’achomhairc é an tsaincheist an bhfuil faisnéis comhshaoil á sealbhú ag údarás poiblí nó thar a cheann, ba shaincheist lárnach é i 12 (34%) de na 35 breith a thug mé in 2017. I gcás sé cinn (50%) de na 12 breith, dhaingnigh mé breith an údaráis phoiblí. I gcás ceithre cinn (33%) de na 12 breith, neamhnigh mé breith an údaráis phoiblí. I gcás dhá cheann (17%) de na 12 breith, d’athraigh mé breith an údaráis phoiblí.

Breitheanna suntasacha in 2017

Achoimre ar thorthaí na mbreitheanna in 2017

In 2017, thug mé 35 breith fhoirmiúil ar achomhairc faoi na Rialacháin RFC. I gcás 18 (51%) de na 35 breith, fuair mé nach raibh údar leis na hiarrataí a dhiúltú (go pointe áirithe). I gcás 15 (43%) de na 35 breith, fuair mé go raibh údar iomlán ann na hiarrataí a dhiúltú (cé nach ar an gcúis chéanna a thug an t-údarás poiblí i gcónaí). I gcás 2 (6%) de na 35 breith, d’athraigh mé breitheanna na n-údarás poiblí agus d’éiligh mé ar na húdaráis rochtain a thabhairt do na hachomharcóirí ar fhaisnéis.

Cuireann an chairt thíos miondealú ar fáil de na hairteagail a measadh sna 35 breith.

Airteagail a measadh sna 35 breith fhoirmiúil

Seo a leanas roinnt samplaí de na breitheanna a thug mé in 2017. Tá mo chuid breitheanna go léir foilsithe ar shuíomh gréasáin OCFC ag www.ocei.ie/en/decisions/.

Breitheanna ar an sainmhíniú ar “fhaisnéis comhshaoil”

Déantar sainmhíniú ar “fhaisnéis comhshaoil” chun críocha na Rialachán RFC in airteagal 3(1). Sa sainmhíniú, cuimsítear aon fhaisnéis maidir leis na sé chatagóir leathana atá liostaithe ag mír (a) go (f) den airteagal sin. Ba é an catagóir ba mhó a bhí i gceist in 2017 ná mír (c) a bhaineann leis an gceist an faisnéis comhshaoil é faisnéis ar bheart nó ar ghníomhaíocht a théann i bhfeidhm, nó ar dóchúil go rachaidh sé i bhfeidhm, ar ghnéithe agus tosca den chomhshaol, nó beart atá beartaithe chun na gnéithe sin a chosaint.

Sa chás seo, fuair mé gur faisnéis lárnach faoi Thionscadal Atreisithe Laoise-Chill Chainnigh - go háirithe maidir le tógáil na bhfostáisiún - a bhí i léaráidí aonlíneacha ina léirítear leagan amach an chórais dáilte i gcomhair fostáisiúin leictreachais. Mar sin, fuair mé gur faisnéis “faoi” ghníomhaíocht a bhí san fhaisnéis a iarradh agus ba fhaisnéis comhshaoil í faoi airteagal 3(1)(c) den sainmhíniú.

  • An Dr Fred Logue ar son FP Logue Solicitors agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (CEI/16/0025)

Sa chás seo, d’iarr an t-achomharcóir sonraí ar na nósanna imeachta a úsáideann Éire ar son a rannpháirtíochta in imeachtaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (CCCA). Bhí an fhaisnéis sin á sealbhú ag an Roinn mar dhréachtphrótacail le haghaidh rannpháirtíochta idir comhlachtaí poiblí agus iad ag déileáil le cumarsáid roimh an CCCA.

Fuair mé gur faisnéis lárnach é faoin gCoinbhinsiún agus CCCA an fhaisnéis sna dréachtphrótacail a bhaineann le Coinbhinsiún Aarhus agus imeachtaí CCCA. Ghlac mé leis gur bearta iad sin atá déanta chun gnéithe den chomhshaol a chosaint. Ina dhiaidh sin, fuair mé gur faisnéis comhshaoil iad na codanna sin de na dréachtphrótacail laistigh de chiall airteagal 3(1)(c) agus neamhnigh mé breith na Roinne mar a bhain sé leis an bhfaisnéis sin. Ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí ar líne ar bhealach atá éasca le teacht air, áfach, níor éiligh mé go scaoilfí é.

Fuair mé ina dhiaidh sin go mbaineann an chuid eile den fhaisnéis faoi na gníomhaíochtaí nós imeachta ar chóir d’údaráis phoiblí na hÉireann a ghlacadh agus iad ag freagairt teachtaireachtaí CCCA, le próisis theagmhasacha náisiúnta, agus nach bhfuil faisnéis lárnach ar Choinbhinsiún Aarhus ná imeachtaí CCCA i gceist leis an gcuid eile den fhaisnéis.Fuair mé, mar sin, nach faisnéis comhshaoil chun críocha na Rialachán RFC an chuid eile den fhaisnéis. Mar thoradh air sin, dhaingnigh mé an chuid eile de bhreith na Roinne ós rud é nach faisnéis comhshaoil an chuid eile den fhaisnéis sna dréachtphrótacail.

Breitheanna ar an sainmhíniú ar “údarás poiblí”

Déantar “údarás poiblí” a shainmhíniú in airteagal 3(1) de na Rialacháin RFC mar:

(a) riarachán rialtais nó poiblí, comhlachtaí comhairleacha poiblí san áireamh

(b) aon duine nádúrtha nó dlíthiúil a dhéanann feidhmeanna riaracháin phoiblí faoin dlí náisiúnta

(c) aon duine nádúrtha nó dlíthiúil a bhfuil freagrachtaí nó feidhmeanna poiblí acu, nó a chuireann seirbhísí poiblí ar fáil, a bhaineann leis an gcomhshaol faoi smacht comhlachta nó duine a chlúdaítear i mír (a) nó (b)

Le hairteagal 3(2) de na Rialacháin RFC, foráiltear nach n-áirítear aon chomhlacht atá ag gníomhú in inniúlacht dhlínsiúil nó reachtach. Faoi airteagal 11(5) de na Rialacháin RFC, i gcás go ndiúltaíonn comhlacht d’iarraidh toisc nach údarás poiblí é, is féidir liom athbhreithniú a dhéanamh ar a bhreith. Tá an t-athbhreithniú a dhéanaim ina leithéid d’achomhairc teoranta d’fháil amach más údarás poiblí é an comhlacht nó duine laistigh de chiall na Rialachán RFC.

  • Hedge Laying Association of Ireland agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (CEI/17/0023)

Sa chás seo, rinne mé an tsaincheist faoi má tá údarás poiblí “ag gníomhú in .... inniúlacht reachtach” a mheas den chéad uair. Bhain an fhaisnéis a iarradh le comhairliúchán idir an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (an Roinn) agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le Bille a bhí ag dul trí Thithe an Oireachtais. Fuair mé go raibh an Roinn ag gníomhú in inniúlacht reachtach a fhad is atá an Bille ag dul tríd an bpróiseas reachtach, rud a chuireann í lasmuigh den sainmhíniú ar “údarás poiblí”. De réir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in C-204/09 Flachglas Torgau GmbH v. Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (14 Feabhra 2012), luaigh mé gur údarás poiblí é an Roinn nuair a chuirtear an próiseas reachtach i gcrích, i.e. nuair a fhógraítear an Bille mar dhlí ag an Uachtarán. Más mian leis an achomharcóir ansin, is féidir leis iarraidh nua a dhéanamh ar fhaisnéis, gan dochar d’úsáid na Roinne d’aon bhonn rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú arna leagadh síos sna Rialacháin RFC.

  • Darragh McDonagh agus Cuideachta Cuain na Gaillimhe (CEI/16/0034)

Sa chás seo, fuair mé go raibh cumhachtaí speisialta, dílsithe ag an dlí, ag Cuideachta Cuain na Gaillimhe. Téann na cumhachtaí sin níos faide ná na gnáthrialacha a bhaineann le caidreamh idir daoine arna rialú ag dlí príobháideach, agus is duine dlíthiúil í a dhéanann feidhmeanna riaracháin faoin dlí náisiúnta. Fuair mé, mar sin, gur údarás poiblí é CCG faoi airteagal 3(1)(b) den sainmhíniú. Agus mo chinneadh á dhéanamh agam, chuir mé san áireamh gur bunaíodh CCG faoin Acht Cuanta 1996, go bhfuil an chumhacht aici talamh a thógáil go héigeantach agus go bhfuil an chumhacht aici fodhlíthe a dhéanamh. Neamhnigh mé breith CCG, mar sin, agus chuir mé in iúl go raibh súil agam go ndéanfadh sí an iarraidh a phróiseáil.

Faisnéis atá á sealbhú ag údarás poiblí nó thar a cheann

Saincheist i roinnt achomharc in 2017 ba ea an cheist an mbíonn faisnéis á sealbhú ag údarás poiblí ná thar a cheann. Go príomha is é airteagal 7(5) de na Rialacháin RFC an t-airteagal i gceist lena leithéid d’achomhairc. Is é an cur chuige atá agam maidir leis an gcineál sin achomharc ná leordhóthanacht na gcuardach a dhéanann an t-údarás poiblí d’fhonn an fhaisnéis a bhaineann leis an iarraidh a lorg a mheas.

  • An Taisce agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (CEI/16/0033)

Sa chás seo, fuair mé nach raibh údar le breith na Roinne maidir le hathbhreithniú inmheánach ar an mbonn nár chuir an cinnteoir an leagan ábhartha de dhialann an Aire arb ábhar an iarrata é san áireamh. Caitheadh leis an dialann mar “cháipéis bheo” agus ó ba rud é nach raibh an leagan a bhí ar fáil don chinnteoir bunaidh ar fáil a thuilleadh tráth m’athbhreithnithe, ní raibh mé in ann a mheas cé acu an raibh faisnéis comhshaoil ann nó nach raibh. Dá bhrí sin, níor mheas mé go raibh sé oiriúnach dom an bhreith a dhaingniú ná a neamhniú nó a éileamh ar an Roinn faisnéis bhreise a thabhairt don achomharcóir. Cé go raibh mé sásta gur ghníomhaigh an Roinn de mheon macánta san achomharc seo agus í ag caitheamh le dialann an Aire mar “cháipéis bheo”, dúirt mé ina dhiaidh sin go léiríonn an cás seo gur gá d’údarás poiblí cóip den fhaisnéis ábhartha a “reo” a luaithe is a fhaigheann sé amach go mbaineann iarraidh le taifead ar nós dialann atá in úsáid. Aibhsítear freisin leis an gcás gur gá d’údaráis phoiblí a chinntiú go gcoimeádtar cóip dá leithéid d’fhaisnéis thábhachtach le húsáid ag cinnteoir um athbhreithniú inmheánach agus, níos déanaí arís, ag m’Oifig i gcás achomhairc.

  • An tUas. Brendan Dowling agus Comhairle Contae na Gaillimhe (CEI/17/0014)

Sa chás seo, fuair mé nach raibh údar ag an gComhairle iarraidh an achomharcóra ar fhaisnéis a bhain le comhlíonadh na gcoinníollacha pleanála a dhiúltú ar an mbonn go raibh an fhaisnéis a iarradh ar fáil go poiblí ar an gClár Pleanála Ar Líne atá acu. Dúirt mé nach mór don údarás poiblí a bheith sásta go bhfuil an fhaisnéis go léir a iarradh ar fáil go poiblí i ndáiríre, i gcás go ngéilleann sé do rochtain ar fhaisnéis ar an mbonn go bhfuil sé ar fáil go poiblí. Dúirt mé ina dhiaidh sin gur chóir don údarás poiblí go leor sonraí a thabhairt le go gcuirfí ar chumas an achomharcóra rochtain a fháil ar an bhfaisnéis i bhfírinne, i gcás go ngéilltear do rochtain trí dhuine a stiúradh go dtí an áit ina bhfuil sé. Neamhnigh mé breith na Comhairle agus chuir mé in iúl go raibh súil agam go ndéanfadh sí an iarraidh a phróiseáil. Ó ba rud é nár chuir an Chomhairle cuardach cuimsitheach i gcrích do na taifid ábhartha ar fad, ní raibh cóip agam den fhaisnéis ar fad a iarradh agus, mar sin, níor mheas mé go raibh sé oiriúnach go n-éileoinn ar an gComhairle an fhaisnéis a scaoileadh.

Sa chás seo, rinne mé an cheist a mheas má bhí faisnéis a bhí á sealbhú ag cuideachta feirme gaoithe, Raheenleagh Power DAC, atá leath i seilbh Choillte, á sealbhú thar cheann Choillte. Dúirt Coillte gur ghlac sé leis gurb ann do roinnt, ar a laghad, faisnéise den chineál a iarradh agus mura raibh sé ag Coillte, gur dóchúil go raibh sé ag Raheenleagh Power DAC. Agus cúinsí an cháis mar a bhí, ní raibh mé sásta go mbeadh a leithéid d’fhaisnéis, má ba ann dó, á sealbhú thar cheann Choillte. Fuair mé go raibh údar le breith Choillte rochtain ar fhaisnéis bhreise a thabhairt don achomharcóir a dhiúltú agus dhaingnigh mé an bhreith uaidh.

Iarrataí ar fhaisnéis comhshaoil atá míréasúnta go follasach

I gcás trí cinn (37.5%) de na hocht mbreith a thug mé a bhain le húsáid na n-eisceachtaí maidir le nochtadh sna Rialacháin RFC, ba éard a bhí i gceist a mheas an iarraidh é a bhí míréasúnta go follasach, ag cuimhneamh ar mhéid nó réimse na faisnéise a iarradh. Thug mé rabhadh i dTuarascáil Bhliantúil na bliana seo caite go bhfuil baol ann go ndiúltófaí iarraidh atá an-leathan agus nuair atá méid doláimhsithe faisnéise i scóip an iarrata. Deirim an rud céanna arís i mbliana, go molaim go láidir go dtéann iarratasóirí agus údaráis phoiblí araon i ngleic le scóip na n-iarrataí RFC.

  • An tUas. A agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (CEI/16/0030)

Sa chás seo, iarradh “gach taifead” a bhí i seilbh an GCC maidir leis an monarcha Enva i Laois. Mheas an GCC go dtógfadh sé breis is 130 daonuair an iarraidh a phróiseáil. D’iarr sí ar an achomharcóir a iarraidh a athrú agus thug sí faisnéis dó ar an gcaoi ar féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe. Agus cúinsí an cháis mar a bhí, bhí mé sásta go gcuirfeadh próiseáil an iarrata ualach míréasúnta ar an GCC; go háirithe, ar am oibre na mball sinsearach agus speisialtóra foirne, a rachadh chun aimhleasa croí-obair thábhachtach na Gníomhaireachta.

Cumarsáid inmheánach na n-údarás poiblí

I gcás dhá cheann (25%) de na hocht mbreith a thug mé a bhain le húsáid na n-eisceachtaí maidir le nochtadh sna Rialacháin RFC, measadh ar bhain an fhaisnéis lena mbaineann le cumarsáid inmheánach na n-údarás poiblí laistigh de chiall airteagail 9(2)(d).

  • Dan Danaher, ar son The Clare Champion agus Comhairle Contae an Chláir (CEI/15/0035)

Sa chás seo, dhiúltaigh an Chomhairle rochtain ar thuairiscí teagmhais a bhain le heachtra scaoilte ceimiceáin ar an mbonn gur cumarsáid inmheánach iad. Fuair mé gur de chineál riaracháin fíriciúil amháin iad na tuairiscí teagmhais agus gur chuid de ghnáthphróiseas coimeádta taifead iad. Agus cúinsí an cháis mar a bhí, fuair mé freisin, fiú má bhí a leithéid d’fhaisnéis ina cumarsáid inmheánach, go mbeadh leas an phobail maidir le nochtadh na faisnéise faoin eachtra scaoilte ceimiceáin ní ba thábhachtaí ná an leas a bhí mar bhonn don diúltú seo.

Cúrsaí eile inspéise in 2017

Suíomh gréasáin OCFC nua

Sheol OCFC suíomh gréasáin nua i Nollaig 2017. Tá an suíomh gréasáin nua níos éasca le húsáid agus níos inrochtana, agus éascóidh sé seachadadh na seirbhísí feabhsaithe ar líne do bhaill an phobail agus do pháirtithe leasmhara eile. Rinneadh na foirmeacha ar líne a nuashonrú agus a shimpliú don phobal agus tá na suíomhanna gréasáin go hiomlán éasca le húsáid ar an bhfón póca. Cuireann sé feidhm fheabhsaithe cuardaigh ar fáil a ligeann dár gcustaiméirí na breitheanna uaim agus acmhainní úsáideacha eile ar nós cásdlí ábhartha a chuardach go héasca. Tá áis tairsí ar líne aige a chuireann áis thapa éifeachtúil ar fáil chun iarratais ar achomhairc a chur isteach agus a bhainistiú ar líne. Leis an tairseach nua, ligtear dár gcustaiméirí sonraí agus cáipéisí a thraschur go tapa agus go slán freisin.

Rannpháirtíocht leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

I nDeireadh Fómhair 2017, ghlac Imscrúdaitheoir i m’Oifig páirt i gCeardlann Scóipe na Roinne maidir le hAthbhreithniú a dhéanamh ar Threoir Roinne RFC. Leis na gceardlann, leagadh béim ar athbhreithniú a dhéanamh ar ‘Treoir d’Údaráis Phoiblí agus daoine eile maidir leis na Rialacháin a chur i bhfeidhm’ (Bealtaine 2013) arna foilsiú ag an Aire de bhun airteagal 14 de na Rialacháin RFC. Ghlac páirtithe leasmhara seachtracha agus eagraíochtaí rialtais páirt sa cheardlann. I Nollaig 2017, chuir m’Oifig tuairimí maidir leis an dréacht-treoir athbhreithnithe sin ar fáil don Roinn.

Tá mé ag tnúth le rannpháirtíocht bhreise leis an Roinn in 2018 maidir le foilsiú na treorach athbhreithnithe faoi rochtain ar fhaisnéis comhshaoil agus maidir le saincheisteanna eile ar a bhfuilimid beirt ag díriú.




back to top