Annual Report of the Information Commissioner 2016

Caibidil 3: Breitheanna

Clár Ábhar

Breitheanna foirmiúla

Rinne m’Oifig athbhreithniú ar 502 cás in 2017 agus d’eisigh sí breitheanna foirmiúla ar 288 acu sin. Is ionann sin agus 57% de gach athbhreithniú a rinneadh i rith na bliana. Dúnadh na 214 athbhreithniú eile toisc gur scoireadh díobh, socraíodh iad nó aistarraingíodh iad.

Mhéadaigh líon na gcásanna a cuireadh i gcrích faoi 16% i gcomparáid le 2016

Cuireann an tábla thíos comparáid céatadáin ar fáil de thorthaí na n-athbhreithnithe a cuireadh i gcrích trí bhreith fhoirmiúil (daingnithe, athraithe nó neamhnithe) in 2017. Féach ar Thábla 15, Caibidil 4 le haghaidh comparáid trí bliana ar thorthaí gach athbhreithniú a cuireadh i gcrích sa bhliain.

Breitheanna inspéise

Is ionann na cásanna a leanas agus sampla de na cásanna a ndearna m’Oifig athbhreithniú orthu agus a cuireadh i gcrích trí bhreith fhoirmiúil. Tá téacs iomlán gach breith fhoirmiúil a eisíodh i rith 2017 le fáil ag www.oic.ie.

Ordú tugtha do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath sonraí óstáin/ tithe lóistín a chuireann cóiríocht éigeandála ar fáil do dhaoine gan dídean - Cás 160313

Scaoil an Chomhairle sonraí dá caiteachas iomlán bliantúil ar óstáin/tithe lóistín a chuireann cóiríocht éigeandála ar fáil do dhaoine gan dídean, ach dhiúltaigh sí na soláthraithe cóiríochta nó na méideanna aonair a íocadh a nochtadh. I measc nithe eile, rinne sí argóint go dtarraingeodh na soláthraithe cóiríochta a gcuid seirbhísí siar dá scaoilfí an fhaisnéis.

D’áitigh roinnt óstán go gcaillfidís gnó d’iomaitheoirí dá mbeadh a fhios ag an saol gur chuir siad cóiríocht ar fáil do dhaoine gan dídean ar son na Comhairle. Dúirt roinnt acu freisin go stopfaidís ag cur cóiríocht éigeandála ar fáil dá mba rud é gur scaoileadh an fhaisnéis don phobal. Bhí an cás sin difriúil ó chás roimhe sin a bhain le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, nuair nach ndearna aon óstán/teach lóistín aighneacht a chur in aghaidh taifid mar sin a nochtadh.

Sa bhreith uaim, ghlac mé go mb’fhéidir go mbeadh tionchar ar sholáthar na cóiríochta don Chomhairle, agus ar leasa tráchtála na dtríú páirtithe, leis an nochtadh. Ghlac mé freisin go raibh an fhaisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de.

Ar an láimh eile, luaigh mé go bhfuil leas láidir an phobail i gceist le hoscailteacht agus trédhearcacht na gcomhlachtaí poiblí a fheabhsú, agus go gcabhraíonn a leithéid d’oscailteacht go suntasach maidir le caiteachas poiblí a mhaoirsiú, luach ar airgead don phobal a chinntiú, agus éillitheacht, fuíoll agus mí-úsáid cistí poiblí a sheachaint.

Bhain mé de thátal go ndéanfaí freastal ní b’fhearr ar leas an phobail dá mba rud é go nochtfaí an fhaisnéis a bhí i gceist. Bhain mo bhreith, go páirteach, leis an méid mór airgid phoiblí a bhí i gceist. Tuairiscíodh gur caitheadh €38.9 milliún ag an gComhairle ar a leithéid de chóiríocht in 2016 amháin.

[Nóta: Tá achomharc ar an mbreith sin déanta ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun na hArd-Chúirte]
Iarraidh chun dul siar ar ábhar achrainn de chomhaontú roimhe sin a measadh gur cráiteach é - Cásanna 160563 agus 170088

San iarraidh i gCás 160563, rinneadh tagairt d’ábhar achrainn a bhí ag an iarratasóir roimhe sin leis an gcomhlacht poiblí ábhartha, agus iarradh taifid éagsúla a bhain leis an iarratasóir. Dhiúltaigh an comhlacht don iarraidh ar bhoinn éagsúla, lena n-áirítear alt 15(1)(g), gur iarraidh bhaoth nó chráiteach é.

Dúirt an comhlacht go raibh comhaontú socraithe ag an iarratasóir leis an gcomhlacht chun an t-ábhar achrainn a réiteach, agus gur bhain an iarraidh SF le hábhar a clúdaíodh sa chomhaontú. Ghlac mé leis gur cosúil go raibh an t-ábhar achrainn críochnaithe de bhun an chomhaontaithe.

Sílim gur toisc ábhartha é an fáth go ndearnadh an iarraidh agus machnamh á dhéanamh más iarraidh bhaoth nó chráiteach atá in iarraidh. Fáth amháin a ndearnadh í, dar leis an iarratasóir, ná lena chinntiú go mbeidh an comhlacht cuntasach faoina gcuid gníomhartha. Ghlac mé leis sin mar fáth bailí. É sin nó, ba chosúil domsa go raibh an t-iarratasóir ag dul siar ar an ábhar achrainn agus, dá bhrí sin, ag iarraidh cuspóir nach mbaineann leis an bpróiseas rochtana a bhaint amach. Mheas mé freisin go raibh an iarraidh róleathan agus tuirsiúil. Fuair mé go raibh feidhm ag alt 15(1)(g) ar an iarraidh.

Bhain an iarraidh i gCás 170088 leis na páirtithe céanna agus le taifid a bhain le comórtas áirithe soláthair. Cheap an comhlacht gur bhain an iarraidh le cúrsaí ar ábhar iad den chomhaontú réitigh. Níor thug sé aon chúis le míniú cén fáth ar cheap sé go raibh an iarraidh baoth ná cráiteach áfach. Mar shampla, níor áitigh sé go raibh an iarraidh beartaithe chun dul siar ar an ábhar achrainn agus/ nó cuspóir nár bhain leis an bpróiseas rochtana. Fuair mé nach raibh údar ag an gcomhlacht brath ar alt 15(1)(g). Neamhnigh mé an bhreith agus tharchuir mé é le haghaidh machnamh úr.

Mhéadaigh ráta na gcásanna a cuireadh i gcrích laistigh de cheithre mhí faoi 37% ó 2013

Go ginearálta, ní chaithfidh comhlachtaí poiblí faisnéis a choimeádtar i dtaifid chrua a phróiseáil chun iarraidh a dheonú - Cás 170106

Bhí an t-iarratasóir ag lorg faisnéise maidir le breitheanna tóna faighne in ospidéal ainmnithe. Chuir FSS faisnéis áirithe srianta ar fáil agus dhiúltaigh siad rochtain ar an gcuid eile den fhaisnéis faoi alt 15(1)(a) ar an mbonn nach raibh na taifid sin ina seilbh.

Leis an Acht, ní cheanglaítear ar chomhlachtaí poiblí taifid a chruthú nuair nach bhfuil siad ann, ach amháin ceanglas sonrach maidir le taifid nó faisnéis atá ar ghléasanna leictreonacha a bhaint i gcúinsí áirithe. Dheimhnigh mé nach raibh an fhaisnéis ann go leictreonach agus nach bhféadfaí é a aisghabháil trí fhaisnéis a bhaint ó bhunachar sonraí.

Bhí mé sásta freisin nár thiomsaigh FSS an fhaisnéis a iarradh, agus nárbh ann do thaifid aonair leis na sonraí sin iontu. Cé gur áitigh an t-iarratasóir gurbh fhéidir an fhaisnéis a fháil amach go héasca trí chairteacha leighis a scrúdú, fuair mé go n-éileodh sin ábhar na gcomhad leighis a phróiseáil chun taifead nach raibh ann cheana a chruthú. Níor ghlac mé go raibh sé ar intinn ag an Oireachtas go ndéanfaí comhlachtaí SF é sin. Fuair mé go raibh údar ag FSS an iarraidh a dhiúltú.

Luaigh mé go dtarlóidh sé go mb’fhéidir go mbeidh sé cuí ordú do chodanna de thaifid a scaoileadh i gcásanna eile. Luaigh mé, mar shampla, go mb’fhéidir go mbeidh sé cuí ábhar áirithe a bhaint ó mhiontuairiscí cruinnithe de chuid comhlachta poiblí. I gcás dá leithéid, ba chóir go mbeadh an comhlacht in ann an fhaisnéis a iarrtar a aithint go héasca mar phíosa aonair faisnéise. Fuair mé gur chóir cur chuige réasúnta comhréireach a ghlacadh, a bhí bunaithe ar chúinsí sonracha agus machnamh á dhéanamh ar an gcomhthéacs ina ndéantar an iarraidh.

Faisnéis faoi fheidhmíocht comhairligh ospidéil nach n-éilítear é a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail - Cás 160509

D’iarr an t-iarratasóir faisnéis ó Ospidéal Beaumont maidir leis an gcaoi a raibh comhairligh ag comhlíonadh na gné poiblí/príobháidí de na conarthaí a bhí acu, lenar áiríodh faisnéis aitheantais (ainm, speisialtachtaí agus fo-speisialtachtaí na gcomhairleach). Dheonaigh an tOspidéal faisnéis faoi leibhéil comhlíonta na gcomhairleach aonair, ach dhiúltaigh sé an fhaisnéis aitheantais a scaoileadh.

Faoin Acht, ní mheastar gur faisnéis phearsanta é ainm fostaí sa tseirbhís phoiblí. Foráiltear leis an sainmhíniú, áfach, go n-áirítear le faisnéis phearsanta faisnéis a bhaineann leis an bhfostaíocht nó le stair fostaíochta na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí, agus faisnéis a bhaineann le fostaithe sa tseirbhís phoiblí i dtaifid phearsanra. Sainmhínítear taifead pearsanra mar thaifead a bhaineann go hiomlán nó go formhór le hinniúlacht nó le cumas an fhostaí sa tseirbhís phoiblí, lena stair fostaíochta, nó le measúnú ar an bhfeidhmíocht oibre uaidh/uaithi.

Sa chás seo, bhain an iarraidh le feidhmíocht na gcomhairleach ospidéil mar fhostaithe sa tseirbhís phoiblí. Sa chomhthéacs sin, fuair mé gur faisnéis phearsanta é an fhaisnéis aitheantais ar fad faoi na comhairligh a bhí i gceist.

Agus machnamh á dhéanamh agam ar leas an phobail dá ngéillfí don iarraidh i gcomparáid le cearta príobháideachais na gcomhairleach, ghlac mé go raibh leas an phobail i gceist le faisnéis a scaoileadh faoin gcaoi a gcuireann an tOspidéal a chuid feidhmeanna i gcrích, ar nós comhlíonadh na gcomhairleach lena gconarthaí a mhonatóiriú. Fuair mé, áfach, gur sásaíodh leas sin an phobail go pointe áirithe leis an fhaisnéis a scaoileadh cheana féin.

Luaigh mé go raibh sé de chúram ag an Acht SF trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú maidir le gníomhartha na gcomhlachtaí SF go ginearálta, seachas maidir le feidhmíocht na bhfostaithe inaitheanta sa tseirbhís phoiblí. Fuair mé go ndéanfaí cearta príobháideachais na gcomhairleach aonair a shárú go suntasach mar thoradh ar rochtain ar an bhfaisnéis maidir lena bhfeidhmíocht a dheonnú. Thabharfaí léargas leis freisin ar an obair phríobháideach (i.e. nach maoinítear go poiblí) a dhéanann siad. Fuair mé nach raibh sé de dhíth ar mhaithe le leas an phobail dá n-ordófaí an fhaisnéis inaitheanta a scaoileadh.

D’fhéadfaí tairbhe nach raibh tuillte ag páirtithe a tharlú mar thoradh ar thacair shonraí a scaoileadh - Cás 160529

Dlúthchuid de Bheartas Náisiúnta Tuilte is ea an tionscadal Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA) arna ghlacadh ag an Rialtas in 2004. Cuireadh tús le tionscadal MBPTA in 2011. I ndiaidh sé staidéar náisiúnta a dhéanamh, suirbhéanna abhann san áireamh, táirgfear léarscáileanna mionsonraithe tuilte agus déanfar bearta bainistíochta riosca tuilte a shainaithint, a mheas agus a chur in ord tosaíochta.

Bhain athbhreithniú an cháis seo le diúltú Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) géilleadh d’iarraidh ar shonraí áirithe suirbhé abhann a bailíodh faoi thionscadal MBPTA. Bailíodh na sonraí chun léarscáileanna mionsonraithe tuilte a tháirgeadh agus chun bearta bainistíochta cuí riosca tuilte a chur in ord tosaíochta. Bhraith OOP ar roinnt díolúintí le diúltú don iarraidh, lenar áiríodh alt 40(1)(d) lena bhforáiltear do dhiúltú i gcás go bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh tairbhe nach raibh tuillte nó caillteanas do dhuine nó do chineál duine de bharr na taifid a scaoileadh.

Tráth mo bhreithe, bhí tacair shonraí MBPTA srianta, ach bhí OOP ag smaoineamh ar iad a chur ar fáil go poiblí faoi chomhaontaithe ceadúnúcháin. Tá sonraí tuilte iomlán i dTuaisceart Éireann (cúig oiread déag níos lú sonraí ná mar a bailíodh faoi thionscadal MBPTA) ar fáil faoi shocruithe mar sin ar chostas de bhreis ar £45,000. Ghlac mé leis go mbeadh an luach iomlán ceadúnúcháin de shonraí MBPTA suntasach. Ghlac mé leis freisin go bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh tairbhe nach raibh tuillte ag an iarratasóir agus ag daoine eile mar thoradh ar scaoileadh na sonraí a iarradh, agus go gcoinneodh sé ioncam ceadúnúcháin ón Stát/OOP. Fuair mé go raibh feidhm ag alt 40(1)(d) sa chás.

Fuair mé nach dtabharfaí aon léargas suntasach maidir leis an gcaoi a gcuireann OOP a cuid feidhmeanna i gcrích, ar nós cinneadh a dhéanamh faoi thosaíochtaí cistithe, ón bhfaisnéis a iarradh. Níor cheap mé go raibh leas suntasach don phobal i gceist lena scaoileadh. Ghlac mé leis, áfach, go raibh sé chun leas an phobail faisnéis a chosaint, nuair is féidir a bheith ag súil go mbeadh tairbhe nach raibh tuillte do pháirtithe éagsúla i gceist leis an bhfaisnéis sin. D’ordaigh mé go gcoinneofaí siar na tacair shonraí.

Scaoileadh de chumarsáid idir an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Coimisinéir Cosanta Sonraí a bhain le Cárta Seirbhísí Poiblí nach raibh i gcoinne leas an phobail - Cás 170255

Dhiúltaigh an Roinn a comhfhreagras le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí (CCS) a bhain le Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a scaoileadh, ar an mbonn gur bhain sé le próiseas breithniúcháin a bhí fós ar bun, agus ar an mbonn go mbeadh sé i gcoinne leas an phobail. D’áitigh sí go dtabharfaí faisnéis mhícheart don phobal faoin CSP leis na tuairimí a chuir an CCS in iúl, agus go mbainfí den mhuinín poiblí i dtionscadal an CSP agus/nó Oifig an CCS. Níor mhínigh sí an réasúnaíocht ar ar bunaíodh an chonclúid sin áfach.

Ar aon nós, ní dóigh liom gur fáth maith é chun rochtain a dhiúltú ar thaifid faoi SF an fhéidearthacht nach dtuigfear an fhaisnéis. Luaigh mé freisin go mbeadh an deis ag an Roinn faisnéis bhreise a chur san fhearann poiblí chun cúrsaí a shoiléiriú más gá.

Bhain conspóid le tabhairt isteach an CSP, agus cheap mé go mbeadh scaoileadh na dtaifead chun leas an phobail ó thaobh oscailteachta agus trédhearcachta de. Thabharfaí deis leis chun díospóireacht phoiblí a oscailt faoi na saincheisteanna a luaigh an CCS. Fuair mé nár léirigh an Roinn go sásúil go mbeadh scaoileadh na dtaifead a bhí i gceist i gcoinne leas an phobail.

Breith lochtach maidir le táille a ghearradh ar chostais chuardaigh agus aisghabhála - Cás 160284

Tháinig m’athbhreithniú ar Chás 160284 i ndiaidh breithe roimhe sin ag m’Oifig breith de chuid na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta a neamhniú maidir le iarraidh ollmhór a dhiúltú toisc nach ndearna sí iarracht cabhrú leis an iarrthóir chun an iarraidh a leasú. Ina dhiaidh sin, chuaigh an Roinn i dteagmháil leis an iarrthóir agus cuireadh iarraidh leasaithe isteach ansin.

Bheartaigh an Roinn an iarraidh leasaithe a phróiseáil, d’ainneoin go raibh sí i dteideal an iarraidh a dhiúltú ar an mbonn gur sháraigh na costais mheasta chuardaigh agus aisghabhála an teorainn fhoriomlán forordaithe de €700. D’iarr sí táille a ghearradh as na costais mheasta chuardaigh agus aisghabhála.

Tá na forálacha ábhartha san Acht a bhaineann le táillí cuardaigh agus aisghabhála a ghearradh sách casta. Tá siad faoi réir ag ceanglais agus achair ama dochta freisin, lena mbaineann dúshláin do chomhlachtaí poiblí uaireanta, agus castacht na saincheisteanna atá le smaoineamh air á cur san áireamh.

I gcás go sáraíonn, nó go bhfuiltear ag súil go sáróidh, na costais mheasta chuardaigh agus aisghabhála an bhuaictheorainn fhoriomlán de €700, ní mór don chomhlacht poiblí é sin a chur in iúl don iarrthóir agus cúnamh a thairiscint don iarrthóir chun an iarraidh a leasú agus an táille a laghdú go méid atá níos lú nó cothrom le €700. Ní mór dó fógra a eisiúint freisin, coicís ar a dheireanaí tar éis an iarraidh a fháil, ag lorg éarlaise i gcás go leasaíonn an t-iarrthóir an iarraidh nó go mbeartaíonn an comhlacht an iarraidh a phróiseáil beag beann ar aon leasú.

Cheap an Roinn gur shásaigh an cúnamh a tugadh ar dtús chun an iarraidh a leasú na ceanglais chomhairliúcháin maidir leis na costais chuardaigh agus aisghabhála. Dhá fhoráil iomlán ar leith iad áfach.

Fuair mé gur chóir don Roinn an t-iarrthóir a chur ar an eolas gur dóchúil go sáródh na costais chuardaigh agus aisghabhála an bhuaictheorainn fhoriomlán, agus deis eile a thabhairt dó a iarraidh a leasú. Fuair mé freisin gur chóir don Roinn é sin a dhéanamh laistigh de choicís ón iarraidh leasaithe a fháil faoi alt 15(4). Neamhnigh mé breith na Roinne táille a ghearradh ar na costais mheasta chuardaigh agus aisghabhála a bhain leis an iarraidh leasaithe.

Taifid d’imscrúdú ar leith a bhain le hiompar bhaill an Gharda Síochána nach raibh faoi réir an Achta - Cás 160054

D’iarr an t-iarratasóir seo athbhreithniú ar bhreith an Gharda Síochána (AGS) chun rochtain ar chomhad d’imscrúdú a bhain le hiompar bhaill an AGS, i measc nithe eile, a dhiúltú. Ba é sin an chéad chás ina raibh ar m’Oifig machnamh a dhéanamh ar a mhéid atá taifid AGS faoi réir an Achta.

Níl ach taifid riaracháin AGS a bhaineann le hacmhainní daonna, nó le cúrsaí airgeadais nó soláthair, faoi réir an Achta. Ní áirítear taifid a bhaineann le croífheidhmeanna AGS, ar nós imscrúdaithe ar ghníomhaíocht choiriúil.

De ghnáth, measaim gur taifid riaracháin a bhaineann le hacmhainní daonna iad na taifid a bhaineann le haraíonacht foirne. Sa chás seo, áfach, bhí na taifid difriúil ó na taifid sin a bheadh ann go hiondúil maidir le hábhar araíonachta. Bhí siad ann mar thoradh ar ghearán a rinne ball den phobal chuig Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (COGS) a cuireadh faoi bhráid AGS le haghaidh imscrúdaithe. Fuair mé nár “taifid riaracháin maidir le hacmhainní daonna” sa chiall chéanna le Cuid 1(n) den Chéad Sceideal iad na taifid.

Cé nach raibh tionchar aige ar mo bhreith dheiridh, fuair mé freisin nach leathnaíonn eisiamh de thaifid áirithe COGS, mar a leagtar amach i gCuid 1(y) den Chéad Sceideal iad, ar thaifid eile i gcás go bhfuil siad i seilbh comhlachtaí poiblí eile, ar nós AGS.

Tá údarás ag an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith an Choimisinéara Cosanta Sonraí chun iarraidh ar thaifid neamhriaracháin a dhiúltú - Cás 160447

Dhiúltaigh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí (CCS) iarraidh ar rochtain ar thaifid a bhaineann le brústocaireacht a dhéanamh ar an Oifig ar an mbonn nach gclúdaítear na taifid a iarradh ag an Acht SF mar nach mbaineann siad le riarachán ginearálta na hOifige.

Le linn an athbhreithnithe, d’áitigh an CCS nach raibh údarás agam athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreith ó ba rud é gur bhain na taifid a iarradh le hábhair nach n-áirítear an CCS mar chomhlacht poiblí dóibh chun críocha an Achta.

Go bunúsach, ba í argóint an CCS nach bhfuil feidhm ag aon cheann d’fhorálacha an Achta nuair nach mbaineann na taifid a iarradh le riarachán ginearálta an CCS. Ba amhlaidh an scéal, d’ainneoin go raibh seasamh an CCS ag dul i gcoinne comhairle dhlíthiúil a thug Oifig an ArdAighne do Láraonad Beartas na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an ábhar, agus d’ainneoin mo bhreith i gCás 150195 nuair a rinne mé argóintí mar sin a bhí déanta ag Banc Ceannais na hÉireann a mheas agus a dhiúltú.

Fuair mé go raibh ceanglas ar an CSS, mar chomhlacht poiblí, breith a thabhairt maidir le hiarraidh ar rochtain. Agus an bhreith sin á tabhairt aige, d’fhéadfadh sé féachaint ar fhorálacha ábhartha an Achta, Cuid 1 de Sceideal 1 san áireamh, le fáil amach ar chóir géilleadh do rochtain nó é a dhiúltú. Seachas sin, áfach, ní mór dó cloí le ceanglais an Achta, lena n-áirítear mar a bhaineann siad le cearta reachtúla ar athbhreithniú.

Fuair mé go raibh aon bhreith chun rochtain ar athbhreithniú inmheánach a dhiúltú faoi alt 21 den Acht SF faoi réir athbhreithniú ag m’Oifig ina dhiaidh sin faoi alt 22(1)(b) den Acht SF. Dá bhrí sin, fuair mé go raibh mé i dteideal athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith an CCS chun iarraidh an iarratasóra a dhiúltú. Maidir leis an ábhar substainteach, fuair mé go raibh údar ag an CCS an iarraidh a dhiúltú ó ba rud é nár bhain na taifid le riarachán ginearálta na hOifige sin.

ó iarratasóir
“I am happy that the matter has been settled since your intervention. I have received the report as originally requested.”

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ordaithe chun faisnéis chonarthach a bhaineann le hoibriú na gceamaraí sábháilteachta bóithre a scaoileadh - Cás 160427

D’iarr an t-iarratasóir rochtain ar chonradh le haghaidh ceamaraí sábháilteachta bóithre a chur ar fáil agus a oibriú. Ba iad an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Garda Síochána agus GoSafe na páirtithe don chonradh. Chuir na trí pháirtí go léir i gcoinne an conradh a scaoileadh ina iomlán. Ghlac mé go raibh faisnéis áirithe sa chonradh a bhí íogair ó thaobh na tráchtála de, faoi alt 36(1)(b) den Acht SF.

Fuair mé, áfach, go raibh go raibh leas an phobail i leith trédhearcachta agus cuntasachta maidir le conradh le forthairgeoir rathúil níos tábhachtaí ná leas an phobail ó thaobh rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú, ach amháin i gcás dhá sceideal den chonradh. D’ordaigh mé don Roinn formhór mór an chonartha a scaoileadh.

An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil ordaithe chun taifid faoi thuarascáil luach ar airgead a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail - Cás 170136

Rinne an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ) PwC a choimisiúnú chun athbhreithniú luach ar airgead a dhéanamh ar na seirbhísí árachais a chuireann IPB Insurance ar fáil do na húdaráis áitiúla. Rinne sé amhlaidh ar son grúpa stiúrtha a rinne maoirseacht ar an athbhreithniú.

D’iarr an t-iarratasóir rochtain ar an tuarascáil agus ar na taifid lena mbaineann. Dhiúltaigh an GBRÁ rochtain ar roinnt taifead faoi dhíolúintí éagsúla, lena n-áirítear faoi alt 35 ar bhonn an chomhaontaithe um neamhnochtadh idir an GBRÁ, PwC agus IPB Insurance, maidir le faisnéis ar leith a chuir IPB Insurance ar fáil le haghaidh an athbhreithnithe.

Ní bhaineann an chosaint a thugtar d’fhaisnéis rúnda ag alt 35 i gcás gur ullmhaigh ball foirne comhlachta phoiblí nó soláthraí seirbhíse an taifead a iarradh agus a c(h)uid feidhmeanna á ndéanamh aige/aici. Is amhlaidh an scéal, ach amháin más rud é gur sárú dualgais mhuiníne a bheadh i scaoileadh na faisnéise lena mbaineann, a bhforáiltear dó ag comhaontú nó reacht nó ar bhealach eile dlíthiúil, agus atá ag dul do dhuine nach comhlacht poiblí nó ball foirne den chomhlacht poiblí nó soláthraí seirbhíse é.

D’áitigh an GBRÁ go raibh dualgas muiníne ag dul do IPB Insurance sa chás seo. Cé gur ghlac sé leis gur soláthraí seirbhíse é IPB Insurance sa mhéid is go gcuireann sé seirbhísí ar fáil do na húdaráis áitiúla, d’áitigh sé go raibh an fhaisnéis a chuir IPB ar fáil do PwC sa chomhthéacs seo tugtha dó ar chúis shonrach theoranta agus nach mbaineann sé leis na seirbhísí a chuireann sé ar fáil faoi chonradh do sheirbhísí lasmuigh de sin.

Luaigh mé gur comhaontaíodh go ndéanfaí measúnú luach ar airgead ar na seirbhísí árachais a chuireann IPB Insurance ar fáil dá bhaill, dar le téarmaí tagartha an ghrúpa stiúrtha féin. Ull mhaíodh na taifid a bhí á n-athbhreithniú ag an ngrúpa stiúrtha nó PwC, agus ba é an t-athbhreithniú ar luach ar airgead ba ábhar dóibh. Bhí mé sásta sna himthosca sin go mbaineann siad leis na seirbhísí a chuireann IPB Insurance ar fáil.

Cuireann IPB Insurance seirbhísí árachais ar fáil do na húdaráis áitiúla agus do na boird oideachais agus oiliúna. Fuair mé sna himthosca gur soláthraí seirbhíse é IPB Insurance faoin Acht SF. Mar sin, fuair mé nach raibh eintiteas seachas comhlacht poiblí ná soláthraí seirbhíse aitheanta ag an GBRÁ a bhfuil dualgas muiníne ag dul dóibh faoin gcomhaontú um neamhnochtadh. Fuair mé nach mbaineann alt 35.

Ghlac mé go bhfuil faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi alt 36(1)(b) sna taifid. Fuair mé gur mhó na buntáistí ná na míbhuntáistí ó thaobh leas an phobail de, faoi alt 36(3), a bhaineann le trédhearcacht agus cuntasacht maidir le luach ar airgead a fhaigheann comhlachtaí SF i gcomparáid le rochtain ar an bhfaisnéis a dhiúltú. D’ordaigh mé go scaoilfí na taifid.

[Nóta: Tá achomharc déanta ag IPB Insurance faoin gcás seo chun na hArd-Chúirte]
Ní scaoiltear sonraí tairisceana nach n-aithnítear mar íogair go huathoibríoch - Cás 160340

D’iarr an t-iarratasóir taifid a bhaineann le conradh ar leith a bhronn Comhairle Contae na Gaillimhe. D’áitigh sé más rud é nár aithin tairgeoirí faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda agus an tairiscint á déanamh acu, mar a iarrtar ag Iarrataí ar Thairiscint (IaT), níorbh fhéidir go raibh na tairiscintí díolmhaithe faoi na díolúintí rúndachta ná íogair ó thaobh na tráchtála de (ailt 35 agus 36, faoi seach).

Dúirt an IaT go dtabharfadh an Chomhairle aird ar aon mhínithe a thugann tairgeoirí maidir leis an bhfáth a bhfuil sonraí áirithe ina dtairiscint íogair ó thaobh na tráchtála de nó rúnda, agus iad ag déileáil le hiarraidh SF.

Cé gur ghlac mé leis go raibh an fhoráil ábhartha san IaT beartaithe chun cabhrú le comhlachtaí poiblí agus iarrataí ar aighneachtaí tairisceana á meas acu, níor ghlac mé leis gur leor ann féin teip an tairgeora faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a aithint ina aighneacht tairisceana mar chúis gur chóir an aighneacht a scaoileadh de bhun iarraidh SF. Mheas mé go mbeadh a leithéid de mholadh níos díchéillí fós i gcás tairgeoirí nár éirigh leo agus/nó nach bhfuair airgead poiblí ar deireadh.

Fuair mé nach bhfreastalófaí níos fearr ar leas an phobail dá mba rud é gur scaoileadh tuilleadh faisnéise a bhaineann le tairgeoirí nár éirigh leo.

ó iarratasóir
“Thanks for this and, to repeat, it has been a pleasure engaging with you on it. Thanks for the way you handled everything and best wishes”.




back to top