Annual Report of the Information Commissioner 2016

Caibidil 2: Saincheisteanna a tháinig chun cinn

Clár Ábhar

Sa Chaibidil seo, leagtar béim ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn le linn na bliana a bhaineann le hoibriú an Achta SF.

Áirítear ar na saincheisteanna a pléadh:

Tá achoimre ghairid leagtha amach agam freisin ar an ngníomhaíocht cúirte sa bhliain. Mar chríoch, tá achoimre déanta agam ar mo ról mar Choimisinéir Achomhairc faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) (Leasú), 2015.

Athbhreithniú ar an Acht SF 2014

Creidim go nglactar go forleathan leis go bhfuil an-chuid buntáistí ag baint le scrúdú iarreachtach. Ar a laghad lena leithéid de scrúdú, is féidir iniúchadh a dhéanamh ar an reachtaíocht nua le fáil amach an bhfuil na cuspóirí beartais beartaithe comhlíonta aici, agus an bhfuil sin déanta ar an gcaoi is éifeachtaí agus is éifeachtúla.

B’ionann 2017 agus an tríú bliain iomlán d’oibriú an Achta 2014. Agus castacht an Achta agus na leasuithe suntasacha á gcur san áireamh, creidim gur deis mhaith é seo le stopadh agus machnamh a dhéanamh faoi an bhfuil an fheidhm a bhí beartaithe dó bainte amach agus an bhfuil sé ag oibriú go héifeachtúil agus go héifeachtach.

Mar a mhínítear sa teideal fada, is é feidhm an Achta a chur ar chumas an phobail rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh na gcomhlachtaí SF, a mhéid is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus an ceart chun príobháideachta. Thug an tAcht 2014 dhá bheart isteach a raibh tionchar suntasach dearfach acu, go ginearálta, ar chearta rochtana agus ar oibriú an chórais SF in Éirinn.

Ar an gcéad dul síos, síneadh an reachtaíocht SF amach go dtí na comhlachtaí poiblí ar fad. An tionchar a bhí aige sin ná gur tugadh líon suntasach comhlachtaí breise isteach sa chóras den chéad uair. Ar an dara dul síos, baineadh an ceanglas go n-íocfar táillí roimh ré chun iarrataí SF a dhéanamh, agus laghdaíodh go suntasach na táillí chun na meicníochtaí ábhartha achomhairc agus athbhreithnithe a úsáid.

Bhí tionchar beagnach láithreach ag an dá bheart ar leibhéil na húsáide SF, agus tá méadú seasta ar an úsáid ó shin i leith. Mar shampla, tá líon na n-iarrataí a rinneadh do chomhlachtaí SF méadaithe faoi 67% idir 2014 agus 2017, agus bhí méadú 62% ar líon na n-iarratas ar athbhreithniú a fuair m’Oifig le linn na tréimhse céanna. Tugaim faoi deara freisin gur tháinig méadú ar chéatadán na n-iarrataí a rinne iriseoirí ó 12% go 22% in 2017. Go deimhin, feictear domsa nach bhfuil lá dá dtéann thart nach luaitear ról SF in imscrúdú nó i bhforbairt scéal nuachta.

Ar an iomlán, is léir go bhfuil feabhas ar chearta rochtana agus go bhfuil an tAcht 2014 ag feidhmiú go maith go ginearálta. Is amhlaidh an scéal mar thoradh ar réim mhéadaithe SF agus díothú agus/nó laghdú na dtáillí lena mbaineann. Ní hionann sin is a rá nach bhféadfadh sé bheith níos fearr, áfach. Ceann de na dúshláin is mó atá os ár gcomhair faoi láthair ná a chinntiú go gcuirfear a dhóthain acmhainní ar fáil don chóras SF chun an t-éileamh méadaithe a shásamh agus, ag an am céanna, ardchaighdeán cinnteoireachta a choinneáil ar bun. Is fíor freisin gur shainaithin m’Oifig fadhbanna tosaigh a bhaineann le roinnt leasuithe a tugadh isteach san Acht 2014. Tugaim mo bharúil faoi roinnt de na fadhbanna sin thíos. Chuaigh m’Oifig i mbun plé leis an Láraonad Beartais den Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freisin maidir le fadhbanna éagsúla, agus maidir leis an gceist má theastaíonn athbhreithniú níos foirmiúla ar an Acht anois.

ó iarratasóir
“I received the decision in the post yesterday,… thank you so much for all your much appreciated assistance.”

Acmhainní riaracháin SF a chur ar fáil

I dTuarascáil Bhliantúil 2016 uaim, luaigh mé nach raibh méadú comhfhreagrach ann ar leithdháileadh acmhainní ag comhlachtaí poiblí maidir le hiarrataí SF a phróiseáil i gcomhthéacs an mhéadaithe a bhí ann ar leibhéil úsáide SF. Chuir mé m’imní in iúl faoin treocht sin a bhí ag teacht chun cinn, agus d’impigh mé ar chomhlachtaí poiblí gach iarracht a dhéanamh lena chinntiú gur leor iad na hacmhainní a thugtar do phróiseáil iarrataí chun na leibhéil éilimh a shásamh.

Faraor, lean an treocht sin ar aghaidh in 2017 lasmuigh de líon beag comhlachtaí. Is léir sin ó na tuairimí uaim i gCaibidil 1 ar shaincheisteanna ar nós an leibhéil mhéadaithe iarrataí atá fós idir lámha ag deireadh na bliana, agus líon na ndiúltaithe measta a thaifeadtar ag m’Oifig atá ag dul i méid i gcónaí. Sa chás sin, teipeann ar chomhlacht poiblí dul i ngleic leis an té a dhéanann iarraidh ag céim amháin nó ag an dá chéim d’iarraidh SF. Sna cásanna is measa maidir le dul i ngleic le hiarraidh, anois is arís tá taifead déanta ag m’Oifig gur theip ar chomhlacht poiblí freagairt a thabhairt ag an dá chéim den iarraidh. Ansin, i rith an athbhreithnithe, bhí uirthi fógra reachtúil a eisiúint chun iallach a chur ar an gcomhlacht iarraidh ar cháipéisí ábhartha a chomhlíonadh.

Glacaim go hiomlán leis go bhfuil an chuid is mó de na comhlachtaí poiblí, nó iad go léir, ag streachailt chun an t-éileamh méadaithe thar an réimse seirbhísí a chuireann siad ar fáil a shásamh. Go minic freisin, bíonn orthu cinntí deacra a dhéanamh maidir le dáileadh acmhainní ganna a chur in ord tosaíochta. De réir mo thaithí féin, tá an claonadh ag cuid mhaith comhlachtaí difreáil a dhéanamh idir na croí-fheidhmeanna atá acu agus na feidhmeanna tánaisteacha eile atá acu. Mar a luaigh mé go minic cheana, áfach, feidhm reachtúil is ea riaradh an Achta SF, agus ba chóir an tábhacht chéanna a thabhairt dó is a thugtar d’aon fheidhm reachtúil eile.

Faraor, ní saincheist é sin a bhfuil m’Oifig, inti féin, in ann a réiteach go héasca. Táimid ar fáil agus toilteanach, áfach, chun gach cabhair agus tacaíocht a thabhairt. Mar a luaigh mé i gCaibidil 1, i measc na dtionscnamh ba rathúla a thugamar isteach le blianta beaga anuas bhí forbairt agus foilsiú de shraith nótaí treorach chun tacú le cinnteoirí. Luaigh mé freisin na pleananna atá ag m’Oifig chun an caidreamh atá againn le comhlachtaí poiblí a fhorbairt trí chlár for-rochtana. Bainfimid leas as na deiseanna a chuirfidh an clár ar fáil lena chinntiú go ndéanfar machnamh ag comhlachtaí poiblí ag na leibhéil is airde ar acmhainní na feidhme SF a chur ar fáil.

Ina theannta sin, dírím aird na gcomhlachtaí poiblí ar an tacaíocht chuimsitheach a chuireann an Láraonad Beartais ar fáil, trína shuíomh gréasáin agus trína thacaíocht le grúpaí líonra éagsúla um idirchaidreamh SF.

Ar deireadh thiar thall, ní mór do na comhlachtaí poiblí iad féin freagracht a ghlacadh maidir lena chinntiú go bhfuil go leor acmhainní acu chun déileáil leis an éileamh. Coimeádfaidh mé súil ghéar ar an gceist sin i rith 2018.

Sainmhíniú ar Chomhlachtaí Poiblí

Sular tugadh isteach Acht 2014, bhíothas cinnte dearfa cé hiad na comhlachtaí poiblí a bhí faoi réir na reachtaíochta SF, toisc gur sonraíodh go soiléir iad.

Tháinig athrú ar an Acht 2014 maidir le comhlachtaí éagsúla a shonrú. Anois, meastar gur comhlachtaí poiblí chun críocha an Achta iad comhlachtaí a thagann faoi chatagóir amháin nó níos mó a ndéantar cur síos orthu in alt 6(1). Tá cuid de na catagóirí sin soiléir ar an bpointe (m.sh. Roinn Stáit), agus níl cuid eile chomh soiléir céanna (m.sh. eintiteas a rialaítear go díreach nó go hindíreach ag comhlacht poiblí).

Nuair a thagann achrann aníos idir m’Oifig agus eintiteas faoi más comhlacht poiblí é chun críocha an Achta, ní mór an t-achrann a chur faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le haghaidh cinneadh ceangailteach, faoi alt 6(7).

I dTuarascáil Bhliantúil 2016 uaim, mhínigh mé go raibh ar an Láraonad Beartais leasú a dhéanamh ar Bheartas agus Nós Imeachta Réitigh Díospóidí a foilsíodh cheana chun a leithéid d’achomhairc a chur faoi bhráid an Aire. Leasaíodh é ós rud é nach bhforáiltear le halt 6(7) do chinntí ceangailteacha i gcás go n-aontaíonn m’Oifig nach comhlacht poiblí é an t-eintiteas agus gur achrann é idir an t-eintiteas agus iarrthóir. Dúirt mé go bhfágann an méid sin go bhfuil ar m’Oifig cinntí a dhéanamh faoi an comhlachtaí poiblí iad eintitis áirithe, gan aon cheart comhfhreagrach achomhairc a bheith ann, ach amháin, b’fhéidir, trí na Cúirteanna.

I gcomhthéacs taithí eile m’Oifige ar an ábhar sin, is cosúil go bhfuil fadhb ionchasach le halt 6(7) freisin, fiú i gcás gur ceart cinneadh ceangailteach a lorg. Má theastaíonn ó chomhlacht cinneadh dá leithéid a cheistiú, is dóichí go dtarlódh sin trí athbhreithniú breithiúnach ar dhiúltú m’Oifige glacadh le hiarratas ar athbhreithniú bunaithe ar chinneadh dá leithéid.

Tá sé tábhachtach cuimhneamh gur faoin Oireachtas amháin é cinneadh a dhéanamh maidir le cé hiad na comhlachtaí atá faoi réir an chórais SF. Mar sin, is cosúil domsa gur réiteach praiticiúil é alt 6(7) a leasú ionas gur féidir leis an Aire cinneadh ceangailteach a dhéanamh i ngach cás nuair is ábhar achrainn é an comhlacht poiblí é eintiteas chun críocha an Achta. Forálfar freisin an ceart achomhairc a dhéanamh chun na gCúirteanna arna éirí as cinneadh an Aire freisin.

Tá réitigh ionchasacha eile ann. Agus cleachtaí reatha agus roimhe á gcumasc, d’fhéadfadh an tAire sonrú go sainiúil cé na heintitis ar comhlachtaí poiblí iad. D’fhéadfadh sé ligean d’eintitis a chumasc freisin nach bhfuil forordú mar sin leo nuair a thagann siad faoi chatagóir amháin nó níos mó in alt 6(1). É sin nó b’fhéidir go mbeadh an tAire in ann an t-ábhar a chinntiú trí eintitis áirithe a fhorordú mar chomhlachtaí poiblí i gcás go dtagann achrainn aníos. Tugann alt 7 de chumhacht don Aire, trí ordú, eintitis a fhógairt mar chomhlacht poiblí chun críocha an Achta.

Le linn 2017, fuair m’Oifig roinnt cásanna inar tháinig an cheist sin aníos: cibé ar chomhlacht poiblí é eintiteas nó nárbh ea.

I gcás amháin, diúltaíodh iarraidh amháin ag Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin ar an mbonn nach comhlacht poiblí é chun críocha alt 6(1) den Acht. Ó tharla gur easaontaigh m’Oifig, d’iarramar cinneadh ceangailteach ón Aire ar an ábhar.

Dhearbhaigh an tAire gur comhlacht poiblí é Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin faoi alt 6(1)(b) (eintiteas a bunaíodh ag nó faoi aon achtachán, seachas Acht na gCuideachtaí).

Láimhseáil m’Oifig cás eile inar tháinig an cheist aníos an comhlacht poiblí, déanta na fírinne, é comhlacht a phróiseáil iarraidh de réir forálacha an Achta. Cor suimiúil ar an gceist an comhlacht poiblí é eintiteas é sin. Ba é Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (IRAÉ) an comhlacht a bhí i gceist. Chreid IRAÉ gur comhlacht poiblí é, ar a laghad mar go sannadh feidhmeanna áirithe reachtúla air roimhe sin.

Bhí údar ag m’Oifig scrúdú a dhéanamh le fáil amach ar chomhlacht poiblí é IRAÉ chun críocha an Achta. Cheapamar nárbh ea, mar gur chosúil nár tháinig sé faoi mhíreanna (a) go (h) d’alt 6(1).

Cé nach ndeachaigh IRAÉ in éadan na tuairime a bhí againn, chuir m’Oifig an t-ábhar ar aghaidh chuig an Láraonad Beartais le haghaidh cinneadh ceangailteach ón Aire. D’áitigh an Láraonad Beartais, áfach, go bhfuil cumhacht an Aire ag alt 6(7) ann ar an mbonn go bhfuil achrann idir m’Oifig agus eintiteas, agus ó ba rud é nach raibh IRAÉ ag agóid in aghaidh chinneadh m’Oifige, ní chuirfeadh sé an t-ábhar faoi bhráid an Aire. D’áitigh sé go mbeadh cinneadh an Aire sna cúinsí sin ultra vires.

I gcás eile, fuair m’Oifig nach comhlacht poiblí é Fondúireacht Ollscoil na Gaillimhe (Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta) toisc nár tháinig sé faoi aon cheann de na míreanna (a) go (h) d’alt 6(1).

Lasmuigh de shaincheisteanna ar léamh agus feidhmiú alt 6, is cosúil domsa gur saincheist níos mó é ar chóir an tAcht a leasú lena chinntiú go mbeidh faisnéis a bhaineann le gach seirbhís phoiblí infhaighte faoin Acht, is cuma cé na heintitis a chuireann na seirbhísí sin ar fáil.

Rinne mé trácht cheana ar shaincheisteanna a bhaineann le seachadadh na seirbhísí poiblí a sheachfhoinsiú go heintitis phríobháideacha, agus dúirt mé go gcuirtear an-chuid seirbhísí ar fáil ar son an Stáit agus ghníomhaireachta an Stáit ag comhlachtaí neamhspleácha nó príobháideacha. D’áiteoinn gur chóir d’eintitis a bhfuil feidhmeanna áirithe poiblí seachfhoinsithe dóibh (ar nós bailiú bruscair) a bheith faoi réir na leibhéal céanna follasachta agus cuntasachta maidir le seachadadh na seirbhísí poiblí sin is atá na comhlachtaí poiblí.

Deimhníodh 97% d’iarratais at m’Oifig laistigh de dheich lá oibre

Alt 8 a Chomhlíonadh - Scéimeanna Foilseacháin

Faoi alt 8den Acht, ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí faisnéis áirithe a chur ar fáil go poiblí trí scéim foilseacháin. Ní mór don scéim cloí le haon scéim eiseamláireach foilseacháin, nó a bheith faoi réir aon treoirlínte ar a leithéid de scéimeanna, arna bhfoilsiú ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Ní mór do gach faisnéis a leagtar amach in alt 8(2) a bheith san áireamh léi freisin.

Tá scéim eiseamláireach agus treoirlínte sainiúla foilsithe ag an Aire maidir le foilseachán a leithéid de scéimeanna. Agus scéim foilseacháin á hullmhú, á hathbhreithniú nó á hathchóiriú, ní mór don chomhlacht poiblí aird a thabhairt ar leas an phobail,

  • maidir le rochtain an phobail a cheadú ar fhaisnéis atá i seilbh an chomhlachta,
  • maidir leis na cúiseanna le breitheanna a dhéanann an comhlacht a fhoilsiú, agus
  • maidir le faisnéis ábhartha nó inspéise don phobal i gcoitinne a bhaineann lena chuid gníomhartha agus feidhmeanna go ginearálta a fhoilsiú.

Cuirtear fáilte roimh an gceanglas sin chun a leithéid de scéimeanna a fhoilsiú agus is beart dearfach é ó thaobh cuntasacht agus trédhearcacht na gcomhlachtaí poiblí a fheabhsú. Tá sé d’acmhainn ag an gceanglas freisin an t-ualach riaracháin a bhaineann le hiarrataí SF a phróiseáil a laghdú trí fhaisnéis inspéise don phobal i gcoitinne a fhoilsiú go réamhghníomhach roimh ré.

Faoi alt 8, ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí an t-ábhar a fhoilsítear faoi scéim foilseacháin a athbhreithniú agus, más gá, a athchóiriú gach bliain ar a laghad. Ceanglaítear orthu freisin an scéim foilseacháin féin a athbhreithniú agus a nuashonrú gach trí bliana.

Leis an Acht, foráiltear go bhféadaim a oiread is a gcomhlíonann comhlachtaí poiblí ceanglais na scéimeanna foilseacháin, dar liom, a scrúdú agus a thuairisciú sa Tuarascáil Bhliantúil uaim. I gcomhthéacs na n-éileamh méadaithe ar sheirbhísí m’Oifige le blianta beaga anuas, níl scrúdú déanta againn ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag na comhlachtaí poiblí. Tá sé ar intinn againn aird a thabhairt ar scéimeanna foilseacháin mar chuid dár gclár for-rochtana in 2018, áfach.

Alt 41 - forálacha maidir le neamhnochtadh

Le hAlt 41 den Acht, foráiltear do dhiúltú sainordaitheach rochtana ar thaifid a bhfuil a nochtadh toirmiscthe, nó a bhfuil a neamhnochtadh údaraithe, ag achtacháin eile. Bhí foráil den saghas sin in Achtanna SF 1997 agus 2003. Leis an alt sin, fo-ordaítear forálacha rochtana na nAchtanna SF do gach foráil maidir le neamhnochtadh i reachtanna, seachas iad sin a luaitear sa Tríú Sceideal.

Foráiltear leis an Acht go ndéantar athbhreithniú ag Comhchoiste dhá Theach an Oireachtais ar oibriú aon achtacháin lena n-údaraítear nó lena n-éilítear an neamhnochtadh taifead chun a chinntiú cé acu ar chóir iad a leasú, a aisghairm nó a chur leis an Tríú Sceideal nó nár chóir.

Ní mór do gach Aire Rialtais tuarascáil maidir le forálacha aon achtacháin atá faoina réimis rialachais lena n-údaraítear nó lena n-éilítear neamhnochtadh taifead a thabhairt don Chomhchoiste. Ní mór dóibh a shonrú má cheapann siad gur chóir aon cheann de na forálacha a leasú, a aisghairm nó a chur leis an Tríú Sceideal. Éilítear ar gach Aire an tuarascáil a chur faoi bhráid an Oireachtais agus cóip a thabhairt do m’Oifig. Tá mé i dteideal mo thuairim a thabhairt don Chomhchoiste maidir leis na tuarascálacha sin.

Faoi alt 41(6), ní mór an chéad tuarascáil dá leithéid a thabhairt laistigh de 30 lá ó chothrom cúig bliana ón lá a thug siad an tuarascáil dheireanach uathu faoi Achtanna SF 1997 agus 2003. Ní mór tuarascálacha a thabhairt gach cúig bliana ina dhiaidh sin freisin.

De réir forálacha Achtanna SF 1997 agus 2003, bhí tuarascálacha le tabhairt don Chomhchoiste le haghaidh breithniúcháin in 1999, 2004, 2009 agus 2014. Faraor, níor tharla sin.

Thug m’Oifig an chéad tuarascáil don Chomhchoiste ábhartha in 1999. Go bunúsach, bíonn an próiseas athbhreithnithe críochnaithe nuair a chuireann an Comhchoiste tuarascáil ar thorthaí an athbhreithnithe ar fáil do dhá Theach an Oireachtais. Tuigim gur tharla lánscor Dáil Éireann agus a Coistí i mBealtaine 2002 sula raibh deis ag an gComhchoiste tuairisciú do na Tithe.

Ina dhiaidh sin, chuir mo réamhtheachtaí, Emily O’Reilly, a cuid tuairimí agus tátal a bhain le tuarascálacha 2004 i láthair an Chomhchoiste in 2005. Chuir an Comhchoiste a thuarascáil i láthair an Oireachtais ina dhiaidh sin. Bhí an chéad bhabhta eile tuarascálacha le bheith istigh in 2009. Ní bhfuair m’Oifig gach tuarascáil go dtí 2012 áfach. Chuir Emily a cuid tuairimí agus tátal a bhain leis na tuarascálacha sin i láthair i Meitheamh 2013.

Nuair a bhí an chéad bhabhta eile tuarascálacha le bheith istigh in 2014, ní raibh tuarascáil bhreithniúcháin an Chomhchoiste ar an tríú babhta de thuarascálacha ann go fóill. Níor chuir an Comhchoiste tuarascáil ar na breithniúcháin sin i láthair an Oireachtais go dtí seo. Ba chóir dom a rá nár cuireadh aon tuarascáil a bhí le bheith istigh in 2014 faoi bhráid m’Oifige riamh.

Tá an chéad bhabhta eile de thuarascálacha le bheith istigh in 2019. Faoi seo, is cosúil domsa nach dóchúil go léireoidh breithniúcháin an Chomhchoiste ar an tríú babhta de thuarascálacha, ná na tuarascálacha a bhí le bheith istigh in 2014, an staid reatha a bhaineann le cuid mhaith forálacha reachtúla a chuireann cosc ar thaifid nó a údaraíonn an neamhnochtadh dóibh. Agus an scéal amhlaidh, b’fhéidir gur bealach praiticiúil chun an próiseas a chur ar ais ar an mbóthar ceart le haghaidh riachtanais tuarascála amach anseo ná a chinntiú go gcuireann gach Aire an chéad tuarascáil eile uathu chuig an gComhchoiste faoi Bhealtaine 2019. Ina dhiaidh sin beidh mé sásta mo thuairimí agus mo thátail a bhaineann leis na tuarascálacha sin a chur i láthair. Tá sé ar intinn agam coinneáil leis an ábhar sin leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le linn 2018.

Achomhairc chun na gCúirteanna

Féadfaidh páirtí in athbhreithniú, nó aon duine eile a bhfuil tionchar ag breith m’Oifige air/uirthi, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí. Féadfaidh breith na hArd-Chúirte a achomharc chun na Cúirte Achomhairc.

Rinneadh cúig achomharc chun na hArd-Chúirte in 2017 faoi bhreitheanna ó m’Oifig. Rinneadh achomharc ar thrí bhreith ag an iarratasóir, ceann amháin ag an gcomhlacht poiblí ábhartha, agus ceann amháin ag tríú páirtí lena mbaineann. Tá na cúig achomharc ar fad fós ag leanúint ar aghaidh, nó tá siad ar an liosta le haghaidh éisteachta nó airde in 2018.

Rinneadh dhá achomharc ar bhreitheanna chun na Cúirte Achomhairc le linn na bliana, ceann amháin ag an iarratasóir agus ceann eile ag an gcomhlacht poiblí ábhartha.

Seachadadh breith scríofa Ard-Chúirte amháin agus breith na Cúirte Uachtaraí amháin in 2017. Tugtar achoimre ar an dá bhreith thíos agus is féidir iad a fháil ar shuíomh gréasáin ár nOifige ag www.oic.ie. Tarraingíodh siar achomharc amháin a rinneadh in 2016 chun na hArd-Chúirte ag an iarratasóir in 2017.

An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha v an Coimisinéir Faisnéise [2015 Uimh. 394 MCA]
Cúlra agus saincheist

Sheachaid an Ard-Chúirt a breith ar an 6 Aibreán 2017. Bhain an cás le ceist rochtana ar chomhaontú lamháltais idir an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus cuideachta phríobháideach, enet. Faoin gcomhaontú, déanann enet líonra de cháblaí snáthoptaice, atá i seilbh an Stáit agus a chumasaíonn seirbhísí fóin agus leathanbhanda, a bhainistiú.

Sa bhreith a thug mé, threoraigh mé scaoileadh an chomhaontaithe. Bhain mé de thátal nach mbeadh aon sárú dualgais muiníne idir na páirtithe ag baint le scaoileadh an chomhaontaithe. Ghlac mé go raibh faisnéis a bhí íogair ó thaobh na tráchtála de chun críocha alt 36(1)(b) i gceist leis, ach bhain mé de thátal go bhfreastalófaí níos fearr chun leas an phobail, tríd is tríd, dá scaoilfí an comhaontú. Agus an bhreith sin á tabhairt agam, chuir mé san áireamh gurb é enet an tairgeoir rathúil i bpróiseas tairisceana maidir le sócmhainn faoi úinéireacht Stáit a ghineann ioncam a úsáid.

Rinne an Roinn mo bhreith a achomharc chun na hArd-Chúirte. Ceist amháin a bhí faoin gCúirt ná an raibh an bhreith uaim ceart, faoi alt 22(12)(b), nuair a ghlac mé leis nach raibh údar le breith na Roinne an iarraidh a dhiúltú mura raibh mé sásta go raibh a mhalairt fíor. An cheist eile a bhí faoin gCúirt ná an raibh earráid déanta agam sa chaoi ar chuir mé na díolúintí a leagtar amach in ailt 35 (rúndacht) agus 36 (íogaireacht tráchtála) i bhfeidhm.

Tátail na Cúirte

Sheas an Chúirt le mo bhreith. Bhain sí de thátal nach earráid é uaim an toimhde a chur i bhfeidhm faoi alt 22(12)(b). Fuair sí go mbaineann an t-alt sin le gach faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí eile atá faoi réir an Achta SF. D’aontaigh sí go raibh feidhm ag alt 35(2) agus, mar sin, nach raibh machnamh ar alt 35(1) ábhartha. Maidir le halt 36, dúirt an Chúirt go ndeachaigh mé i ngleic go follasach leis na hargóintí a rinneadh ar son an neamhnochta, agus gur dhiúltaigh mé dóibh faoi seach. Fuair sí go raibh an beart cothromaithe faoi alt 36(3) go huathúil mar chuid de mo shainchúram. Fuair sí nach bhféadfaí a rá go raibh mo bhreith míréasúnach, earráideach ná nár luigh sé le ciall.

Nóta: Tá achomharc déanta ar bhreith na hArd-Chúirte chun na Cúirte Achomhairc ag an Roinn ó shin.
Kelly v an Coimisinéir Faisnéise [2017] IESC 64
Cúlra agus saincheist

Fuair breith san Ard-Chúirt in 2014 nach raibh dlínse ag an gCúirt aird a thabhairt ar achomharc scoir a rinne an Coimisinéir Faisnéise ag an am maidir le seacht gcinn d’iarratais ar athbhreithniú ón iarratasóir ar an mbonn go raibh siad cráiteach. Fuair sí go bhfuil an próiseas achomhairc reachtúil beartaithe le haghaidh pointí dlí a thagann ó bhreitheanna substainteacha tar éis athbhreithnithe, agus ní le haghaidh breith maidir le hathbhreithniú a dhéanamh nó le scor d’athbhreithniú a bhfuil tús curtha leis.

Rinne an t-iarratasóir achomharc ar an mbreith sin chun na Cúirte Achomhairc. D’eisigh an Chúirt a breith i Samhain 2015, inar dhíbh sí achomharc an iarratasóra. Fuair sí go raibh an ceart ag an Ard-Chúirt ina breith nach raibh achomharc ann ó scor d’athbhreithniú ag an gCoimisinéir agus gurb é an modh chun agóid a dhéanamh in aghaidh an scoir ná trí athbhreithniú breithiúnach.

In 2016, tugadh cead don iarratasóir achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí maidir le dhá cheist dheimhnithe. Ba iad sin:

  • An raibh achomharc ann chuig an Ard-Chúirt faoi alt 42(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 maidir le breith an Choimisinéara a bhí ann ag an am chun scor den athbhreithniú de bhun alt 34(9)(a)(i) den Acht SF?
  • An dtagann saincheist mar sin aníos faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014?
Tátail na Cúirte

Sa bhreith uaithi a seachadadh i Meitheamh 2017, dhearbhaigh an Chúirt Uachtarach nach gceadaíonn an léiriú ceart ar an bhforáil ábhartha achomharc chun na hArd-Chúirte faoi alt 42(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 ó scor ag an gCoimisinéir faoi alt 34(9)(a)(i) den Acht. Dhearbhaigh an Chúirt freisin go mbaineann an tátal céanna leis na forálacha ábhartha den Acht 2014.

Chinn an Chúirt go bhfuil ceart cúitimh ag duine atá míshásta faoina leithéid de bhreith ón gCoimisinéir ar leigheas dlí, ós rud é go bhfuil próiseas an athbhreithnithe breithiúnaigh ar fáil. Dhearbhaigh sí nach gcruthaítear aon éagóir faoi alt 34(9)(a) den Acht 1997 ós rud é go mb’fhéidir go mbeidh ar an duine cead a fháil agus go bhfuil an leigheas lánroghnach.

Faisnéis earnála poiblí a athúsáid

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) 2005

Faoi na Rialacháin FEP, féadann duine aonair nó eintiteas dlíthiúil iarraidh a dhéanamh chuig comhlacht earnála poiblí ar cháipéisí a scaoileadh le hathúsáid. Nuair a fhaightear iarraidh maidir le cáipéis atá ina seilbh agus atá faoi réir na Rialachán FEP, foráiltear leis na Rialacháin go gcaithfidh comhlacht earnála poiblí cead a thabhairt chun an cháipéis a athúsáid de réir na gcoinníollacha agus na srianta ama dá bhforáiltear sna Rialacháin.

Nuair is féidir agus is cuí, ní mór na cáipéisí atá ar fáil le haghaidh athúsáide a bheith i bhformáid oscailte agus inléite ag meaisín.

Faoi Rialachán 10 de na Rialacháin, is féidir achomharc a dhéanamh ar bhreitheanna na gcomhlachtaí earnála poiblí chuig m’Oifig, atá in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na breitheanna a leanas:

  • Diúltú do chead chun cáipéis a athúsáid
  • Diúltú d’athúsáid eisiach cáipéise a dheonú
  • Breith chun táillí a ghearradh ar cháipéis a athúsáid, a gceapann an t-iarrthóir nach gcomhlíonann na Rialacháin
  • Breith chun coinníollacha a chur ar cháipéis a athúsáid

Ní dhearnadh aon achomharc chuig m’Oifig faoi na Rialacháin FEP in 2017.




back to top