Caibidil 3: Cinntí

Sa chaibidil seo, tá achoimrí ar cheithre chinneadh a rinneadh sa bhliain 2012. Tá téacs iomlán na gcinntí sin le fáil ar mo shuíomh gréasáin ag www.ocei.gov.ie.

Tony Lowes, Cairde Chomhshaol na hÉireann, agus Oifig an Ard-Aighne (OAA) – Cinneadh den 3 Bealtaine 2012 - Cás CEI/09/0014

Cibé acu an raibh OAA i dteideal rochtain a dhiúltú ar gach taifead a bhí á coinneáil aici nó nach raibh i ndáil le dhá chás a ghlac an Coimisiún Eorpach i gcoinne na hÉireann

Seo mo chéad chinneadh i gcur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 9(2)(a) de na Rialacháin. An t-iarratas a rinneadh, ar an 21 Iúil 2009, ná chun rochtain a fháil ar gach taifead arna gcoinneáil, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do Litreacha de Fhógra Foirmiúil, Tuairimí Réasúnaithe, comhairle a lorgaíodh nó a fuarthas [lena n-áirítear gach comhairle dlí], miontuairiscí cruinnithe, agus gach cumarsáid inmheánach agus sheachtrach tríd an ríomhphost nó trí mhodhanna eile, i ndáil le dhá chás a bhain le sárú imeachtaí a thóg an Coimisiún Eorpach i gcoinne na hÉireann [Cás C-392/96 agus Cás C-294/03]. Níor ghlac OAA aon ghníomh ar iarratas laistigh den sprioc-am míosa arna sonrú in Airteagal 7 de na Rialacháin. Tar éis athbhreithniú inmheánach a dhéanamh, ámh, dhiúltaigh OAA don iarratas ag tagairt d’Airteagal 6(1)(d) de na Rialacháin, ag lua nach raibh an t-iarratas dírithe go sonrach ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus mar sin nár tháinig sé laistigh de raon na Rialachán.

I mo chinneadh, nótáil mé go raibh Cás C-392/96 agus Cás C-294/03 bainteach lena chéile, ag baint go praiticiúil, le leorgacht na mbeart reachtúil ba ghá chun cosaint a thabhairt d’eilimintí den chomhshaol dá dtagraítear i bparagraf (a). I bhfianaise ábhar iarratas an iarratasóra, agus bunaithe ar an iniúchadh a rinne mé ar shampla de na taifid a cuireadh ar fáil do m’Oifig chun críocha m’athbhreithnithe, chinn mé gur dócha, i gcás fhormhór na dtaifead a bhí bainteach leis an iarratas, go mbeadh faisnéis iontu faoin gcomhshaol laistigh den chiall Airteagal 3(1)(c) den sainmhíniú ar cad is faisnéis faoin gcomhshaol ann arna leagan amach sna Rialacháin.

Cibé scéal é, in Airteagal 9(2)(a) de na Rialacháin tugtar cead d’údarás poiblí diúltú faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil i gcás go bhfuil an t-iarratas míréasúnta ó bhonn le haird ar mhéid nó raon na faisnéise atá á lorg. Sa chás seo, na himeachtaí ar tagraíodh dóibh san iarratas, chuimsigh siad tréimhse deich mbliana agus mar sin bheadh sé le tuiscint go raibh comhfhreagras, comhairle dlí agus ábhar riaracháin sna comhaid ábhartha arna gcoinneáil ag OAA thar a bheith líonmhar. De bhreis air sin, níor lorgaíodh san iarratas míreanna ar leith d’fhaisnéis faoin gcomhshaol ábhartha do na bearta reachtúla a bhí ina mbonn le Cásanna C-392/96 agus C-294/03, ach go raibh bainteach le gach taifead a bhain leis na himeachtaí. Ar an gcéad amharc, bhí an chuma ar an iarratas gur bhain sé níos mó le conas a dhéileáil OAA le himeachtaí maidir le sárú thar ceann an Stáit nár mar a bhain le rochtain ar fhaisnéis ar an gcomhshaol per se. Sa chomhthéacs sin, chinn mé go raibh an t-iarratas míréasúnta ó bhonn. I bhfianaise go raibh an t-iarratas an-leathan agus go raibh líon mór comhad i gceist, ghlac mé go gcuirfeadh próiseáil an iarratais ualach míréasúnta ar acmhainní foirne. Mar sin bhí mé sásta le cinneadh OAA diúltú don iarratas faoi Airteagal 9(2)(a) de na Rialacháin, agus sheas mé leis an gcinneadh dá réir.

Gavin Sheridan agus Banc Ceannais na hÉireann (an Banc) – Cinneadh den 26 Márta 2012 - Cás CEI/11/0001

Cibé acu an raibh an Banc i dteideal diúltú rochtain a chur ar fáil ar mhíreanna áirithe ag baint le faisnéis a bhain le héilimh mhíleáiste, ar an mbonn nach raibh an fhaisnéis i gceist in fhaisnéis faoin gcomhshaol laistigh de chiall na Rialachán

In iarratas dár dáta 30 Samhain 2010 agus ina dhiaidh sin ar an 13 Eanáir 2012, lorg an t-iarratasóir rochtain a fháil ar “dhumpa sonraí” d’éilimh mhíleáiste arna dtaifeadadh ag an mBanc le linn tréimhse áirithe. Dhiúltaigh an Banc d’iarratas ar an mbonn nach raibh an fhaisnéis a lorgaíodh ina fhaisnéis faoin comhshaol laistigh de chiall na Rialachán. Tar éis don iarratasóir achomharc a dhéanamh le m’Oifig, chuir an Banc scarbhileog taistil ar fáil le faisnéis ábhartha chun críocha m’athbhreithnithe. D’aontaigh an Banc freisin faisnéis a scaoileadh a bhí i gcolúin faoi na ceannteidil Modh Taistil, Ciliméadair in aghaidh an turais, Dáta Aistir Amach, agus Dáta an Aistir Fillte. An cheist a bhí faoi mo bhráid ná cibé acu an raibh an chuid eile den faisnéis sa scarbhileog i ndáil leis na héilimh mhíleáiste ina fhaisnéis faoin gcomhshaol laistigh de chiall na Rialachán nó nach raibh.

Nótáil mé go raibh teorainneacha le raon an chórais RFC. Le haird ar thuairimí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) in Glawischnig v. Bundesminister für soziale Sicherheit und Generationen, Cás-316/01 (12 Meitheamh 2003) i ndáil leis an sainmhíniú ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, chinn mé, le go gcáileodh an fhaisnéis ina “fhaisnéis faoin gcomhshaol” chun críocha na Rialachán, go raibh gá go dtitfeadh an fhaisnéis laistigh de cheann de na sé chatagóir arna leagan amach i sainmhíniú Airteagal 3(1).

I ndáil le ceist na “ngníomhaíochtaí” faoi pharagraf (c) den sainmhíniú, nótáil mé nár tháinig na gníomhaíochtaí sin laistigh de raon an tsainmhínithe de bhrí a ghaoil dhírigh nó indírigh le tionchar na n-eilimintí den chomhshaol. Faoi na coinníollacha seo, chinn mé go gcaithfeadh faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht seo, ar a laghad, gaol a léiriú idir an tionchar a bheadh ag an ngníomhaíocht ar an gcomhshaol le go mbeadh seo faoi raon pharagraf (c); ní leor é go mbeadh an fhaisnéis bainteach leis an ngníomhaíocht. Is é sin le rá, is gá go mbeadh gaol imleor idir an fhaisnéis i gceist agus gné den ghníomhaíocht a bhfuil tionchar aige ar eilimintí sa chomhshaol agus fachtóirí dá dtagraítear i bparagraf (a) agus (b) den sainmhíniú.

Le roinnt agúis, ghlac mé leis go raibh taisteal oifigiúil sa charr ina ghníomhaíocht laistigh de raon pharagraf (c) den sainmhíniú. Cibé scéal é, chinn mé nach raibh gaol imleor idir na míreanna eile den fhaisnéis a bhí idir lámha, lena n-áirítear ceann scríbe, mótar-speansais, agus méideanna míleáiste, le tionchar ar an gcomhshaol chun go mbeidís laistigh den sainmhíniú ar “fhaisnéis faoin gcomhshaol” faoi na Rialacháin RFC. Chinn mé sna cúinsí i gceist go raibh sé de cheart ag an mBanc a chinneadh diúltú d’iarratas an iarratasóra an fhaisnéis a chur ar fáil faoi éilimh mhíleáiste, ach amháin an fhaisnéis a bhí scaoilte aige cheana féin, agus ar an gcúis sin go bhféadfaí seasamh leis.

Rita Canney agus Comhairle Cathrach Phort Láirge (an Chomhairle Cathrach) – Cinneadh den 7 Meitheamh 2012 - CEI/11/0009

Cibé acu an raibh sé de cheart ag an gComhairle Cathrach diúltú rochtain a chur ar fáil ar an gcomhad maidir leis an Ordú bunaidh Cosanta Crann (OCC) ar shuíomh Glanbia i bPort Láirge nó nach raibh.

In iarratas dar dáta 9 Feabhra 2011, lorg iarratasóir rochtain ar na doiciméid uile a bhain le TPO PD 271/76, comhad a bhain le crainn ar thailte a bhí ceangailte le háitribh Glanbia, (Glenville), Lána Pháirc May, Port Láirge. Níor cuireadh aon chinneadh i scríbhinn faoi bhráid na Comhairle Cathrach laistigh de na teorainneacha ama arna leagan amach sna Rialacháin. Cé go raibh sé déanach, d’eisigh an Chomhairle Cathrach, an 16 Bealtaine 2011, ráiteas ag míniú roinnt faisnéise i ndáil le TPO PD 271/76 agus bhí sé ar fáil ar chomhad in Oifig Seirbhísí Comhshaoil agus Pleanála, ach ní fhéadfaí na doiciméid bhunaidh maidir leis an OCC a aimsiú. Chuir an t-iarratasóir iarratas faoi bhráid m’Oifige i gcoinne chinneadh na Comhairle Cathrach an 10 Meitheamh 2011.

Tá Airteagal 7(5) de na Rialacháin ar an bhforáil ábhartha a bhfuil feidhm aige i ndáil le faisnéis arna coinneáil ag údarás poiblí nó arna lorg ag údarás poiblí i gceist. Sa chás seo, mhínigh mé i gcás gur dhiúltaigh údarás poiblí go praiticiúil d’iarratas ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ar bhonn Airteagal 7(5), is gá dom bheith sásta gur glacadh na céimeanna imleora chun taifid ábhartha a aithint agus a aimsiú, le haird ar na cúinsí ábhartha. De bhreis air sin, nótáil mé, agus mé ag cinneadh cibé acu an raibh na céimeanna a glacadh imleor sna cúinsí nó nach raibh, an raibh gá le caighdeán a bhain le réasúntacht nó nach raibh.

Chuir an Chomhairle Cathrach míniú sonrach ar fáil ina hiarrachtaí teacht ar an gcomhad TPO PD 271/76 bunaidh, ar chóir é a aistriú le comhaid 1976 eile chuig a Ionad Taifead ó Chomhairle Contae Phort Láirge tar éis cur lena theorainn a tharla sa bhliain 1980. Chuir an Chomhairle Cathrach doiciméadú tacaíochta i láthair freisin a léirigh gur rangaíodh mar chomhad a bhí ar iarraidh as córais na Comhairle Contae an comhad agus nár é sa bhileog maidir le haistrithe nuair a aistríodh comhaid 1976 chuig Ionad Taifead na Comhairle Cathrach. Le haird ar na haighneachtaí iomchuí, ar aois na gcomhad i gceist, le dáta an aistrithe ó thaifid ón gComhairle Contae go dtí an Chomhairle Cathrach tar éis chur leis an teorainn sa bhliain 1980, bhí mé sásta go raibh an Chomhairle Cathrach tar éis a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 7 de na Rialacháin RFC le haird ar iarratas an iarratasóra ar dhoiciméid ag baint le TPO PD 271/76 agus go raibh feidhm ag Airteagal 7(5).

Thug mé faoi deara, ámh, gur fhorchuir Airteagal 5 de na Rialacháin roinnt ceanglas ar údaráis phoiblí ar ceapadh iad chun éascú a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Cé nach bhfuil cumhachtaí forfheidhmiúcháin agam i ndáil le hAirteagal 5 de na Rialacháin, nótáil mé gur é an cás é go mbeadh i gceist le comhlíonadh na gceanglas go mbeadh gá cur i bhfeidhm a dhéanamh ar chórais eagraíochtúla agus ar éifeachtaí a mbeadh mar thoradh orthu ar deireadh thiar laghdú ar na hacmhainní a éileofaí ar bhaill indibhidiúla foirne chun faisnéis faoin gcomhshaol a chuardach agus a aisghabháil. De bhreis air sin, nótáil mé i gcás gur cuireadh faisnéis iomchuí faoin gcomhshaol ar fáil ar shuíomh gréasáin údaráis phoiblí, ní bheadh gá anseo iarratas foirmiúil a dhéanamh ar an gcéad ásc. Mar sin, chinn mé go raibh sé iomchuí impí ar údaráis phoiblí, amhail Comhairle Cathrach, aird chuí a bheith acu ar cheanglais Airteagal 5 ní hé amháin chun éascú a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, ach chun laghdú ar an ualach riaracháin a d’fhéadfadh eascairt as seachas sin.

Rita Canney agus Comhairle Cathrach Phort Láirge (an Chomhairle Cathrach) – Cinneadh den 23 Deireadh Fómhair 2012 - CEI/10/0015

Cibé acu an raibh sé de cheart ag an gComhairle Cathrach diúltú rochtain a chur ar fáil ar thaifid bhreise ábhartha ag baint leis an tuarascáil agus staidéar Greening of Waterford nó nach raibh

In iarratas dar dáta 13 Aibreán 2010, lorg an t-iarratasóir rochtain ar gach faisnéis, bíodh sin i gcóip chrua nó bhog, i ndáil leis an tuarascáil agus staidéar Greening of Waterford, ach amháin cóipeanna den tuarascáil deiridh agus de dhréachtaí a rinneadh roimhe sin, a bhí ina seilbh. Rinne an Chomhairle Cathrach roinnt cuardach do na taifid ábhartha agus chuir iad ar fáil ina oifigí le go bhféadfaí amharc orthu, de réir théarmaí a hiarratais. Ar deireadh thiar ní raibh leorgacht na gcuardach a rinneadh ina dhíospóid mhór. Bhain an fhadhb a tháinig chun cinn le go raibh na bogearraí a d’úsáid an Chomhairle Cathrach chun stóráil a dhéanamh ar thaifid i gcóip bhog “cuíosach speisialaithe” agus ar na gcaoi sin deacair don duine neamhoilte leas a bhaint astu.

Le linn m’athbhreithnithe, rinneadh socruithe le go bhfaigheadh an t-iarratasóir rochtain ar na comhaid ábhartha i gcóip bhog ag oifigí na Comhairle Cathrach. Áiríodh i measc na dtaifead a bhí le cur ar fáil ar an gcaoi seo don iarratasóir (1) léarscáileanna mórscála de “Shuíomhanna Áitiúla Íogaire“ agus (2) léarscáileanna de ghnáthóga suntasacha áitiúla dá dtagraítear sa tuarascáil. Bhí ball foirne i láthair le linn chuairt an iarratasóra d’fhonn cuidiú léi rochtain a fháil ar na comhaid. Ba léir, ámh, d’ainneoin iarrachtaí is fearr an bhaill foirne, nach raibh an chuairt sásúil mar go raibh deacrachtaí ann an fhaisnéis a bhí á lorg a aimsiú agus a thiomsú. Ní raibh sé mar ábhar díospóide gur bhain na deacrachtaí le speisialtóireacht na mbogearraí a raibh gá leo chun amharc ar an bhfaisnéis i gceist.

Mar sin, tugadh rochtain don iarratasóir ar thaifid i gcóip chrua arna gcoinneáil ag an gComhairle Cathrach i ndáil leis an tionscadal Greening of Waterford, mar a d’iarr sí, ach níor shásaigh formáid na rochtana a hionchais. De bhreis air sin, mar thoradh ar na deacrachtaí a bhí ann leis na bogearraí, d’fhan sé míshoiléir cibé acu an raibh gach léarscáil a bhreithnigh an t-iarratasóir ann i ndáiríre ag an gComhairle nó nach raibh. Bhí frustrachas ag baint leis seo don iarratasóir, go háirithe i bhfianaise thábhacht na léarscáileanna do chaomhnú bhogaigh Chathair Phort Láirge.

Nótáil mé gurb é cuspóir foriomlán an chórais RFC ná cur le comhshaol níos fearr trí chur leis an rochtain atá ag an bpobal ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht níos éifeachtaí a bhaint amach i gcinnteoireacht faoin gcomhshaol. Mar thoradh ar gur theip ar an údarás poiblí faisnéis faoin gcomhshaol a choinneáil ar bhealach atá éasca don phobal le hatáirgeadh agus le rochtain a fháil uirthi bhí an chuma air go raibh seo ag teacht salach ar cheanglais Airteagal 5 de na Rialacháin, arna leasú. De bhreis air sin, nótáil mé, nach bhfuil aon chumhachtaí forfheidhmiúcháin agam i ndáil le hAirteagal 5 de na Rialacháin. Mar sin, cé nach bhféadfaí a rá go raibh an ceadú rochtana ar thaifid i gcóip chrua arna gcoinneáil sa chás seo go hiomlán míshásúil ón dearcadh comhshaoil de, ní raibh ar mo chumas a chur de cheangal ar an gComhairle Cathrach go gcuirfidís ar fáil léarscáileanna a bhí éasca le rochtain a fháil orthu i gcás nach raibh na léarscáileanna sin cheana féin á gcoinneáil ag an gComhairle Cathrach nó thar ceann na Comhairle Cathrach. Sa chomhthéacs seo, chinn mé, faoi Airteagal 7(5) de na Rialacháin go raibh sé de cheart ag an gComhairle Cathrach go praiticiúil diúltú d’iarratas an iarratasóra tuilleadh taifead ábhartha a fháil.