Caibidil 3: Cinntí

Cinntí foirmiúla

Cinntí suntasacha

Cinntí foirmiúla

Sa bhliain 2012 rinne m’Oifig athbhreithniú ar 200 cás san iomlán. Mar a luaigh mé cheana, cuimsítear sa líon seo, d’fhormhór, cinntí foirmiúla, socruithe agus cásanna a tarraingíodh siar. Sa tábla thíos tá toradh na n-athbhreithnithe a d’imigh chomh fada le cinneadh foirmiúil sna blianta 2009, 2010, 2011 agus 2012.

Comparáid í gcéatadáin de chinntí foirmiúla 2009 - 2012

Percentage comparison of formal decisions 2009 - 2012

Léirítear sa tábla i gcás na gcásanna a d’imigh go cinneadh foirmiúil, gur thug an Oifig faoi deara go raibh méadú ar líon na gcinntí ar ceal sa bhliain 2012 i gcomparáid le 2011.

Cinntí ar ceal – Alt 29

Sa bhliain 2012 chuir m’Oifig ar ceal roinnt cinntí sa mhéid nach raibh an comhlacht poiblí i gceist géilliúil d’alt 29, sa mhéid nár reáchtáladh gnáthaimh chomhairliúcháin laistigh de na spriocdhátaí forordaithe reachtúla.

Leagtar amach in Alt 29 den Acht um SF na gnáthaimh is gá a leanúint i gcás go bhfuil comhlacht poiblí den tuairim cé go bhfuil taifead díolmhaithe sa mhéid go bhfuil faisnéis áirithe ann a cuireadh ar fáil faoi rún (alt 26), go bhfuil faisnéis ann atá íogair ó thaobh tráchtála de (alt 27) nó go bhfuil faisnéis phearsanta ann a bhaineann le tríú páirtí (alt 28), tar éis an scéal a bhreithniú sa chomhthéacs atá ann, go bhfuil an taifead le scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.

I gcás go bhfuil feidhm ag alt 29, tá sé de cheangal ar an gcomhlacht poiblí fógra a thabhairt don tríú páirtí i gceist, laistigh de thréimhse shainithe ama, sular féidir cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le cibé acu ar chóir sárú a dhéanamh ar dhíolúine/ar dhíolúintí a mbeadh feidhm acu seachas sin, ar mhaithe le leas an phobail.

I gcásanna nár chloígh an comhlacht poiblí le spriocdhátaí reachtúla, tá mise den tuairim go bhfuil sé iomchuí do m’Oifig glacadh leis na hiarratais sin chun athbhreithniú a dhéanamh orthu ar an gcéad ásc. I gcás go ndiúltódh m’Oifig iarratais lochtacha faoi alt 29, bheadh cinneadh tosaigh an chomhlachta phoiblí fanta, agus ansin ní bheadh aon mhodh ar fáil do m’Oifig chun a chinntiú go raibh cosaint á thabhairt do chearta na bpáirtithe go léir i gceist. Tá míniú níos sonraí ar fhorálacha alt 29 le fáil i mo Thuarascáil Bhliantúil ón mbliain 2011.

Seo a leanas roinnt cinntí foirmiúla a eisíodh le linn 2012, a leagann béim ar phointí a bhain le leas an phobail agus úsáideoirí SF araon. Tá téacs iomlán gach cinnidh le fáil ar shuíomh gréasáin m’Oifige (www.oic.gov.ie).

Cinntí suntasacha

An tUas. X agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha – Cás 080288

I mí Mheán Fómhair 2008, lorg an t-iarratasóir rochtain a fháil ar an “mbunachar sonraí de chlúdach faisnéise atá ina bhonn eolais don léarscáil dar teideal ‘Wireless and Broadband Coverage’”, a foilsíodh i mí Lúnasa 2008 mar chuid den Scéim Náisiúnta Leathanbhanda (SNL). Tharla an t-iarratas seo tar éis iarratais a bhí cosúil leis as ar eascair cás 080184, a phléigh mé i mo Thuarascáil Bhliantúil 2011. Neamhchosúil le cás 080184, bhí an bunachar sonraí b’ábhar d’iarratas an iarratasóra seo fós ann, ach d’éiligh an Roinn díolúine faoi ailt 23, 24, 26, agus 27 den Acht um SF. An cheist a tháinig chun cinn láithreach, ámh, ná cibé acu an bhféadfaí an fhaisnéis sa bhunachar sonraí, le hiarracht dhícheallach, a fhoinsiú ón bhfearann poiblí nó nach bhféadfaí. Mar thoradh ar go raibh an chuma air go raibh ar a laghad roinnt den fhaisnéis i gceist san fhearann poiblí, mar shampla trí rochtain a fháil ar an tseirbhís ‘Siteviewer’ ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide (ComReg), ba chosúil gur bhain sin an bonn ón éileamh go raibh an fhaisnéis íogair sa bhunachar sonraí i gceist.

Agus mé ag déanamh mo chinnidh, bhí aird agam ar na tuairimí ag Costello J in House of Spring Gardens Limited v. Point Blank Limited [1984] I.R 611. Chinn mé i gcás go bhfuil scil, am agus saothar i gceist le faisnéis a thiomsú, gur féidir fós caitheamh leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis faoi rún fiú amháin má tá codanna na faisnéise foinsithe ón bhfearann poiblí. I ndáil leis an mbunachar sonraí i gceist, ghlac mé leis, cé go bhféadfaí roinnt de na sonraí ann a fháil ó fhoinsí poiblí ‘Siteviewer’, nó ó údaráis éagsúla phleanála, nach raibh aon fhoinse amháin ann san fhearann poiblí le faisnéis chomh cuimsitheach faoi bhonneagar cumarsáide na tíre seo. De bhreis air sin, i gcomhthéacs na n-éileamh le haghaidh díolúine a rinne an Roinn faoi ailt 23 agus 24 den Acht um SF, aithním ualach suntasach a bheith ag gabháil le tuairimí na mball ó na seirbhísí slándála a rinne cur i láthair ag cruinniú arna reáchtáil i mí Bealtaine 2012.

Bhí an fhianaise arna cur i láthair ag an Roinn sa chás seo ábhartha i gcás forálacha éagsúla díolúine san Acht um SF, ach i bhfianaise a raibh saoire agam é a nochtadh, chinn mé gurb é alt 23(1)(c) an díolúine is iomchuí sa chás seo. Ag cur síos ar an mbunachar sonraí mar “eolaire a thug suíomhanna beachta agus airdí na n-aeróg i bhformhór na suíomhanna tarchurtha leathanbhanda sa tír, lena n-áirítear struchtúir dhíolmhaithe ar mhaoin faoi úinéireacht“, bhí mé sásta go bhféadfaí a mheas, dá gcuirfí rochtain ar fáil ar an mbunachar sonraí iomlán, go bhféadfadh seo coir a éascú, bíodh sin ina ghadaíocht nó ina loitiméireacht ar shuíomh ar leith tarchurtha, nó fiontar coiriúil níos mó fiú, amhail gadaíocht bhainc. Dá réir sin, chinn mé go raibh feidhm ag alt 23(1)(c).

The Irish Times agus an Roinn Airgeadais – Cás 100173

Bhain an cás seo le gur dhiúltaigh an Roinn Airgeadais roinnt taifead a scaoileadh a bhain le comhfhreagras idir an tAire Airgeadais an tráth úd, Brian Lenihan, agus príomhfheidhmeannach comhlachta seirbhíse poiblí aitheanta. Le linn an athbhreithnithe scaoil an Roinn taifid áirithe ach choinnigh siar cinn eile ina n-iomláine nó i gcuid, de réir ailt 21(1)(c), 31(1)(a) agus (b) den Acht um SF. Bhain trí cinn de na taifid i gceist le ceisteanna airgeadais lena n-áirítear leachtacht an chórais baincéireachta.

Mhaígh an Roinn i gcás go nochtfaí na taifid go nochtfaí seasaimh ar beartaíodh orthu ar mhaithe le hidirbheartaíocht (alt 21(1)(c)) agus go mbeadh mar thoradh ar a nochtadh go mbeadh dearcadh diúltach ag na margaí i leith acmhainneacht na hÉireann iasachtaí a aisíoc, a bhféadfaí a mheas go réasúnta go mbeadh tionchar tromchúiseach aige ar leasanna airgeadais an Stáit, agus ar chumas an Rialtais an geilleagar eacnamaíochta náisiúnta a bhainistiú (alt 31(1)).

Cibé scéal é, féadtar na díolúintí in alt 21 agus in alt 31 araon a bhaint ar mhaithe le leas an phobail, i gcás go meastar é sin a bheith níos tábhachtaí agus ar an gcúis sin go mbeadh sé níos fearr an t-iarratas a cheadú seachas é a dhiúltú. Trí reáchtáil an chleachtaidh seo sa chás áirithe seo, bhreithnigh mé fairsinge an tionchair a bheadh ag scaoileadh na dtaifead ar leas an phobail i gcosaint fheidhmeanna agus idirbheartaíocht na gcomhlachtaí poiblí a mhéid a bhaineann le leasanna airgeadais an Stáit agus na tionchair fhéideartha a bheadh ag scaoileadh na dtaifead ar idirbheartaíocht sa timpeallacht airgeadais. Bhreithnigh mé freisin fairsinge an tionchair a bheadh ag scaoileadh na dtaifead ar leas an phobail i gcosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíochta an Stáit agus na tionchair fhéideartha a bheadh ag scaoileadh na dtaifead ar leasanna airgeadais agus eacnamaíochta agus ar chumas an rialtais bainistiú a dhéanamh ar an ngeilleagar náisiúnta.

I mo thuairim ní féidir beag is fiú a dhéanamh de thuairim na Roinne go mbeadh mar thoradh ar scaoileadh na dtaifead go dtarlódh dochar suntasach le hiarmhairtí mar a luaigh an Roinn, go háirithe i bhfianaise éiginnteacht agus luaineacht na margaí idirnáisiúnta. Cé gur mhaígh an Roinn go mbeadh iarmhairtí diúltacha ag scaoileadh na dtaifead ar an gcaoi a gcuireann sí i gcrích a feidhmeanna agus a mbíonn sí páirteach in idirbheartaíocht, ní raibh mé sásta gur thacaigh seo lena raibh á mhaíomh ag an Roinn a dhóthain.

Cibé scéal é, bhreithnigh mé freisin nár chóir machnamh a dhéanamh ar an bhféadfadh scaoileadh na dtaifead tionchar tromchúiseach neamhfhabhrach a bheith aige ar leasanna airgeadais an Stáit ach amháin i gcás go bhfuil leas suntasach poiblí á shásamh trí scaoileadh na dtaifead sin. Tuigim go sásófaí leas an phobail maidir le trédhearcacht i gcás go scaoilfí na taifid agus sa chás sin amháin agus trí dhiúltú iad a scaoileadh tá seo ag teacht salach ar bhaint amach na trédhearcachta sin. Sa chás seo, ámh, tar éis glacadh le háitiú na Roinne go mbeadh tionchar tromchúiseach neamhfhabhrach ag scaoileadh na dtaifead ar leasanna airgeadais an Stáit, chinn mé nach raibh leas an phobail trédhearcacht a bhaint amach ina chúis dhóthanach a sháródh leas an phobail a chinntiú nach ndéanfaí dochar dá bharr. Mar sin sheas mé le cinneadh na Roinne diúltú do scaoileadh na dtaifead.

Gavin Sheridan agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail – Cás 110092

Bhain an cás seo le gur dhiúltaigh an GFT ainmneacha daoine a scaoileadh, ar daoine iad a raibh an GFT tar éis áitribh éagsúla a fháil ar cíos uathu, ar bhonn go raibh na sonraí sin ina faisnéis phearsanta maidir leis an daoine sin.

Scaoil an GFT sonraí an tsuímh agus toise na maoine, dátaí tosaithe agus críochnaithe na léasanna (thosaigh siad go luath sna 1980í, agus thosaigh ceann amháin sa bhliain 2007), agus méid an chíosa is iníoctha leis an GFT i ngach bliain a sonraíodh san iarratas.

Caithfear alt 28(1) den Acht um SF a chur i bhfeidhm i leith taifid, i gcás go mbeadh “nochtadh faisnéise pearsanta i gceist” faoi dhuine so-aitheanta i gcás go scaoilfí an taifead sin. Ghlac m’Oifig leis dá scaoilfí na hainmneacha a coinníodh siar go nochtfaí don saol mór a lán fíricí atá nasctha go dofhuascailte faoi na páirtithe i gceist i.e. a n-úinéireacht, ioncam bliantúil ón úinéireacht sin, go háirithe úinéireacht maoine. Tá faisnéis faoi ghnóthaí airgeadais agus maoin duine cuimsithe sa sainmhíniú san Acht um SF ar cad is faisnéis phearsanta ann. Mar thoradh air sin, chinn m’Oifig go raibh feidhm ag alt 28(1) agus nach raibh na sonraí sin san fhearann poiblí cheana féin. I gcás go raibh siad san fhearann poiblí, ní bheadh feidhm ag alt 28(1).

Agus mé ag breithniú leas an phobail in alt 28(5)(a), bhí aird agam ar bhreithiúnas 2011 ón gCúirt Uachtarach sa chás The Governors and Guardians of the Hospital for the Relief of Poor Lying-In Women v The Information Commissioner (breithiúnas Rotunda). Rinneadh roinnt ráiteas obiter agus cé go mbaineann siad le leas an phobail de réir alt 26(3) den Acht um SF, is treoir úsáideach iad nuair atáthar ag breithniú leas an phobail san Acht um SF.

Go praiticiúil, is gá bheith in ann idirdhealú idir leas an phobail (“a true public interest recognised by means of a well-known and established policy, adopted by the Oireachtas, or by law”) ó leas príobháideach, ní féidir tástáil leas an phobail a úsáid mar shárú ar scaoileadh taifid i gcás gur leas príobháideach go heisiach atá sa leas. Mar sin, agus mé ag breithniú thástáil leas an phobail maidir le scaoileadh faisnéise pearsanta, ní chuirfear cearta príobháideacha ar leataobh ach amháin i gcás go bhfuiltear ag freastal ar leas an phobail tríd an iarratas a cheadú agus go bhfuil an leas sin sách láidir chun leas an phobail maidir le cosaint phríobháideachta a shárú.

Áiríodh i measc na n-argóintí chun na taifid a scaoileadh an tionchar féideartha a bheadh ag scaoileadh na dtaifead ar shábháilteacht phearsanta aon tríú páirtí a bheadh scothaosta agus an t-ionchas maidir le rúndacht a bhí ag gabháil leis na léasanna a síníodh sna 1980í.

Chinn mé go mbeadh an sárú príobháideachta a eascródh as na cásanna a bhain le maoin a fuair an GFT ar léas sna 1980í níos mó ná sárú íosta. Cibé scéal é, bhí mé den tuairim nach raibh sé iomchuí glacadh leis go raibh aon aicme saoránaigh, nó aon aoisghrúpa, níos mó i dteideal ceart ná aicme nó grúpa eile. Níor ghlac mé ach oiread go bhféadfadh na páirtithe creideamh inchosanta a bheith acu go gcoinneofaí faoi rún sonraí íocaíochtaí bliantúla a bhí dlite ón Stát, tar éis dul isteach i socruithe le haghaidh buntáiste tráchtála, go háirithe sa mhéid gur lorg na daoine a d’imigh isteach sna léasanna sna 1980í athbhreithnithe cíosa sa bhliain 2007 nó 2008. Tá mé den tuairim go bhfuil laghdú ar chearta príobháideachta, ar a laghad i nochtadh sonraí na n-idirbheart tráchtála le comhlachtaí poiblí, ina ghné riachtanach de dhul isteach i socruithe dá leithéid.

Na hargóintí maidir le leas an phobail bhí siad fabhrach do scaoileadh na dtaifead ar mhaithe le hoscailteacht agus cuntasacht ó thaobh chaitheamh airgeadais phoiblí de, go háirithe i bhfianaise an fhaid ama ina raibh an t-airgead sin iníoctha (21 bliain i gcás an léasa a síníodh sa bhliain 2007 agus 35 bliain i gcás na léasanna eile) agus i bhfianaise go raibh an t-airgead iníoctha cibé acu ar fho-lig an GFT na háitribh nó nach ndearna, nó ar fho-lig sé iad ar chíos níos ísle ná an cíos b’iníoctha leis an tiarna talún.

Tá mise den tuairim gur chóir do chomhlachtaí poiblí a bheith chomh hoscailte agus is féidir leosan a ndéanann siad gnó leo agus a n-íoctar airgead ón stát leo agus gur chóir go mbeidís sásta a bheith cuntasach, i gcás gur gá é, i leith na socruithe sin. Ar deireadh thiar, chinn m’Oifig gur ghá na hainmneacha i gceist a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.

An tUas. X, thar ceann Chumann Sheirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála na hÉireann (IFESA) agus Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – Cásanna 110102 & 110198

Bhain cás 110102 le naoi gcinn d’iarratais SF (le 58 mír éagsúil) a chuir iarratasóir amháin faoi bhráid na Comhairle idir 12 Eanáir agus 14 Feabhra 2011. Rinne an t-iarratasóir céanna trí iarratas bhreise ar an gComhairle, ina raibh 12 mhír éagsúla, an 20 Meitheamh, an 19 Iúil agus an 21 Iúil 2011 (tag. cás 110198). Dhiúltaigh an Chomhairle na hiarratas ar roinnt foras, lena n-áirítear go raibh said neamhthábhachtach nó cráiteach nó go raibh siad ina gcuid d’iarratais ar léir go raibh siad míréasúnta ón iarratasóir céanna (alt 10)(1)(e)). Déileáladh leis an dá chás mar chomh-athbhreithniú.

I gcinneadh eile, bhí mé tar éis roinnt fachtóirí neamh-uileghabhálacha a leagan amach a measaim iad a bheith ábhartha i measúnú cibé acu an bhféadfaí iarratas a rangú mar iarratas “neamhthábhachtach nó cráiteach” nó nach bhféadfaí:

  • líon na n-iarratas déanta;
  • cineál agus raon na n-iarratas;
  • cuspóir na n-iarratas;
  • rún an iarratasóra.

Breithním freisin an bhfuil ábharthacht chomhionann ag na fachtóirí seo agus mé ag cinneadh cibé acu an bhfuil fianaise ann gur léir go bhfuil na hiarratais míréasúnta nó nach bhfuil.

Chinn m’Oifig go raibh líon na n-iarratas iomarcach, i bhfianaise fhairsinge na faisnéise a lorgaíodh i ngach cás, agus go raibh tréimhse ghearr i gceist ina ndearnadh na hiarratais. De bhreis air sin, cinneadh go raibh na hiarratais róleathan agus neamhchoitianta sonrach, le haird ar ilchineálacht na dtaifead a lorgaíodh sna gnéithe éagsúla iontu. I bhfianaise na dtuairimí ar leith i litreacha na iarratasóra chuig an gComhairle, d’aontaigh m’Oifig le dearcadh na Comhairle go ndearnadh na hiarratais leis an rún cuspóir a bhaint amach ar cuspóir é nár bhain leis an bpróiseas rochtana i.e. an aidhm iallach a chur ar an gComhairle idirchaidreamh a bheith acu, agus nó aitheantas a thabhairt don chumann ionadaíoch a raibh an t-iarratasóir bainteach leis. I ndáil leis seo, ba chóir a nótáil, go dtugtar cead do chomhlacht poiblí, faoi 8(4) den Acht um SF, rún an iarratasóra a chur san áireamh agus iad ag breithniú cibé acu an bhfuil feidhm ag alt 10(1)(e) nó nach bhfuil.

Dá réir sin, chinn mé go raibh na hiarratais éagsúla ina bpátrún d’iarratais ar léir iad a bheith míréasúnta, agus go raibh úsáid SF ar an gcaoi sin ina mhí-úsáid ar chearta rochtana agus a raibh an chuma orthu go raibh siad cráiteach. Chinn mé, in cibé cás, go raibh feidhm ag alt 10(1)(e) den Acht um SF.

An tUas. X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Baile Átha Cliath Laighean Láir - Cás 110106

Rinne Uachtarán na hArd-Chúirte an t-athbhreithniú seo a tharchur ar ais chuig an gCoisiméir Faisnéise le cinneadh a dhéanamh ina leith de réir dlí.

Sa chás seo, lorg an t-iarratasóir go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh de chuid FSS rochtain a cheadú ar sheacht gcinn de thuarascálacha arna dtiomsú agus arna gcoinneáil ag FSS, tar éis a imscrúdaithe ar ghearáin a bhain le teach altranais. Bhí an t-iarratasóir ar an Téi mBun Údaráis sa teach altranais sin. Tar éis dom m’imscrúdú a dhéanamh chinn mé go raibh sé de cheart ag FSS an cinneadh a dhéanamh rochtain a sholáthar. Rinneadh mo chinneadh a achomharc chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí, an 31 Bealtaine 2011, agus rinne an Ard-Chúirt an t-athbhreithniú a tharchur ar ais chuig m’Oifig le cinneadh a dhéanamh ina leith ar an bhórás gur sainaithníodh roinnt saincheisteanna gnásúla.

I mo chinneadh, thagair mé do thuarascálacha foilsithe ar iniúchtaí roimhe sin ar an teach altranais nach raibh laistigh de raon an iarratais SF ach níor tugadh an deis don iarratasóir aighneacht a dhéanamh le m’Oifig i ndáil leis na tuarascálacha sin. Sainaithníodh saincheisteanna gnásúla breise, lena n-áirítear cibé acu an raibh ainmneacha na n-altraí sa teach altranais ina fhaisnéis phearsanta nó nach raibh.

De réir Ordú na hArd-Chúirte, rinne m’Oifig cinneadh FSS a athbhreithniú ó bhonn arís. Sa tréimhse eatramhach, dúnadh an teach altranais i gceist, agus bhain seo an bonn, i mo thuairim, ó argóintí an iarratasóra maidir leis an dochar féideartha a d’fhéadfadh eascairt as scaoileadh na faisnéise a measadh í a bheith íogair ó thaobh tráchtála de.

Mhaígh an t-iarratasóir freisin gur cuireadh an fhaisnéis go léir a sholáthair sí, nó a sholáthair an fhoireann ag an teach altranais, ar fáil faoi rún agus dá bhfoilseofaí an fhaisnéis sin go mbeadh sin ina shárú ar an dualgas i leith rúndachta a bhí dlite. Chinn mé go raibh leas an phobail i gceist sa phobal gnó (lena n-áirítear úinéirí/oibreoirí tithe altranais) a bheith in ann cumarsáid a bheith acu le comhlachtaí poiblí (amhail FSS) gan eagla a bheith orthu go nochtfaí sonraí faoi chúrsaí íogaire. Cibé scéal é, níor ghlac mé leis gur féidir aon tuiscint maidir le rúndacht a bheith i gceist i gcúinsí ina raibh FSS páirteach in iniúchadh ar sháruithe líomhanta rialachán.

Maidir le cár sheas leas an phobail sa cheist seo, chinn mé go raibh leas suntasach an phobail i gceist in optamú a dhéanamh ar oscailteacht agus ar thrédhearcacht i ndáil le hiniúchtaí a rinne an FSS faoi na Rialacháin maidir le Tithe Altranais (Cúram agus Leas), 1993. Chinn mé freisin go bhfuil leas suntasach an phobail i gceist i gcinntiú cuntasachta i ndáil le suimeanna substaintiúla a d’íoc an Státchiste amach ó thaobh fóirdheontais le hothair a bhí ina n-áitritheoirí i dtithe altranais. Tar éis breithniú domhain a dhéanamh ar an scéal, chinn mé go bhfreastalófaí níos fearr ar leas an phobail i gcás go gcuirfí rochtain ar fáil ar na taifid a lorgaíodh.

An tUas Y & a Bhean f/ch. Aturnaetha agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) – Cás 110158

Bhain an cás seo le gur dhiúltaigh FSS sonraí a scaoileadh maidir le cé thuairiscigh na hiarratasóirí leis an FSS i ndáil lena leanaí. Bhí FSS ag brath ar an gcéad dul síos ar ailt 26(1) (a) agus 28(1) agus iad ag diúltú rochtain a sholáthar ach le linn an athbhreithnithe d’agair sé díolúine in alt 23(1)(b) an fhaisnéis a lorgaíodh a choinneáil siar.

Sa chás seo d’fhorbair mé cur chuige na hOifige maidir le breithniú a dhéanamh ar an díolúine faoi alt 23(1)(b), a fhorálann do chosaint aitheantais duine a thugann faisnéis faoi rún do chomhlachtaí poiblí i ndáil le riar an dlí shibhialta. Tá sé mar aidhm leis an díolúine a chinntiú nach ndíspreagtar an pobal ó chomhoibriú le gníomhaireachtaí atá i mbun fhorfheidhmiú nó riar an dlí shibhialta. Le go mbeadh feidhm ag an díolúine, is gá trí cinn de cheanglais shonracha a shásamh. An chéad cheanglas baineann sé le go bhféadfadh an fhaisnéis arna coinneáil siar aitheantas an duine a chuir an fhaisnéis ar fáil a nochtadh, bíodh sin go díreach nó go hindíreach. Baineann an dara ceanglas le gur chóir gur cuireadh an fhaisnéis ar fáil don chomhlacht poiblí faoi rún, agus baineann an tríú ceanglas le go gcaithfidh gur cuireadh an fhaisnéis ar fáil don chomhlacht poiblí i ndáil le forfheidhmiú nó riar an dlí shibhialta.

Sa chás seo, mhaígh na hiarratasóirí go raibh rún mailíseach leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil do FSS agus ar an gcúis sin nach bhféadfadh go ndearnadh é faoi rún. Ag tacú lena n-argóint, thagair siad don chás Cruise v Bourke [1919] 2 IR 182 mar ar chinn Madden J. go bhféadfaí an mhailís a bhaint mar thátal as i gcás go bhféadfaí a léiriú nach raibh aon chúis réasúnta nó dóchúil ag an gCosantóir leis an ionchúiseamh a bhrú ar aghaidh agus nach raibh aon chreideamh macánta ag an té sin i gciontacht an Ghearánaí. An seasamh a ghlac FSS ina leith ná go bhfeidhmítear de mheon macánta i leith gach tuairisce dá leithéid a fhaigheann sé. Cé go raibh sé den tuairim gur dócha go raibh an tuairisc mailíseach, dhearbhaigh FSS nach raibh sé i suíomh dearcadh níos aonchiallaí a ghlacadh i leith an scéil agus nach raibh sé i suíomh fios cinntitheach a bheith acu cibé acu an raibh an duine(na daoine) a rinne an tuairisc ag feidhmiú de mheon macánta nó nach raibh.

Thug cinntí a rinne m’Oifig roimhe seo le tuiscint go raibh sé ina fhachtóir le breithniú an raibh faisnéis soláthartha faoi rún bunaithe ar cibé acu ar cuireadh faisnéis ar fáil de mheon macánta nó nach ndearnadh. Sa chás seo, ghlac mé leis go raibh roinnt fianaise ann a thug le fios go ndearnadh an tuairisc le FSS le rún mailíseach, ach níl dóthain fianaise ann chun a dhearbhú amach is amach go bhfuil seo fíor. Cibé cás, ghlac mé go bhfeidhmíonn FSS ar gach cás de mheon macánta. D’admhaigh mé freisin i gcás go gcuirtear san áireamh a duine a chuir faisnéis ar fáil, de mheon macánta, agus a bhfaightear amach ar iniúchadh go raibh siad míchruinn nó mícheart, go bhfuil sé deacair ar FSS tuairiscí dá leithéid a láimhseáil ar aon bhealach eile.

Ghlac mé leis go bhféadfadh nochtadh aitheantas na ngearánach, fiú i gcás go raibh fianaise ann a thug le fios go raibh siad ag feidhmiú go mailíseach, dochar a dhéanamh do shreabhadh na faisnéise ón pobal agus go mbíonn FSS ag brath ar a leithéidí sin d’fhaisnéis chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. Sa chás seo, bhí ualach suntasach ag baint le cosaint na tábhachta bunúsaí a bhain le cosaint na sreafa faisnéise chuig FSS agus ghlac mé le seasamh FSS gur cuireadh an fhaisnéis ar fáil faoi rún sa chás seo, d’ainneoin gur measadh na líomhaintí a bheith gan bhonn ina dhiaidh sin. Dá réir sin, chinn mé gur sásaíodh na trí choinníoll le go mbeadh feidhm ag alt 23(1)(b) agus sheas mé le cinneadh FSS diúltú rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis a lorgaíodh.

An tUas. “C” agus an Roinn Sláinte - Cás 110166

Lorg an t-iarratasóir roinnt faisnéise ón Roinn Sláinte i ndáil le rátaí mortlaíochta in Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo, Caisleán na Bharraigh. Mhaígh sé gur chóir an fhaisnéis a scaoileadh sa mhéid gur chuir an tAire Sláinte faisnéis chosúil ar taifead poiblí maidir le hospidéil i nGaillimh agus i Ros Comáin. Bheartaigh an Roinn tráth na rochtana a chur siar de réir alt 11(1)(b) den Acht um SF. Faoi alt 11(1)(b) tugtar cead do chomhlacht poiblí tráth na rochtana ar fhaisnéis a chur siar, ar faisnéis í a mheasann sé a bheith contrátha le leas an phobail dá gcuirfí ar fáil é roimh dháta sonraithe.

Is annamh a bhaineann comhlachtaí poiblí leas as an bhforáil seo agus tá mé den tuairim go bhfuil an cás seo úsáideach i míniú conas a théim i ngleic le leas an phobail mar a bhaineann le halt 11(1) den Acht. Tá an tástáil ar leas an phobail atá cuimsithe in alt 11 níos láidre ná in aon áit eile san Acht sa mhéid nach seastar le coinneáil siar taifid ach amháin i gcás go nochtann sé rud éigin ar lá áirithe nó roimhe a bheadh contrártha le leas an phobail. Níl aon ghá a léiriú go raibh nochtadh an taifid seo go dearfach ar mhaithe le leas an phobail.

Chinn an Roinn go gcuirfí siar scaoileadh na faisnéise seo faoi alt 11(1)(b) den Acht um SF, ar an mbonn seo “a report is in final preparation which will provide the data requested in relation to all hospitals as well as other important indicators” agus go bhfuil seo i gceist “ expected that the report will be completed by the end of September [2011] and published following discussion with the Minister”.

Le linn an athbhreithnithe, tháinig sé chun solais do m’Oifig go gcuirfí moill le foilsiú na tuarascála ina raibh an fhaisnéis. D’ainneoin sin, mhaígh an Roinn, dá scaoilfí an fhaisnéis sula bhfoilseofaí an tuarascáil, go mbeadh sin ag teacht salach ar leas an phobail.

Mhaígh an Roinn go mbeadh tionchair dhiúltacha ag baint le scaoileadh na faisnéise ar an bpobal agus go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha sláinte phoiblí aige agus go mbeadh tionchar ag scaoileadh faisnéise nach raibh cruinn, ar mhuinín an phobail i dtuarascálacha ina dhiaidh seo a bheadh le foilsiú agus go gcuirfí sonraí tábhachtacha ar fáil i ndáil le soláthar cúraim sláinte in Éirinn. Bhí an argóint seo bunaithe ar go raibh an fhaisnéis i gceist míchruinn, agus dá bhrí sin go raibh sí míthreorach. Mheas an Roinn go bhféadfadh daoine aonair nó a dteaghlaigh gaol a fheiceáil idir an fhaisnéis agus an cúram a fuair siad san ospidéal, agus as seo go n-eascródh cúiseanna imní nach raibh bonn leo. Ar leithligh uaidh seo, mhaígh an Roinn go bhféadfadh scaoileadh na faisnéise seo an bonn a bhaint faoi rúin i ndáil le feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí, a mhaíonn sé, atá ar mhaithe le leas an phobail.

Ar an taobh eile de, mhaígh an t-iarratasóir gur chuir an tAire Sláinte ar taifead poiblí sonraí faoi Ospidéil Ros Comáin agus na Gaillimhe i ndíospóireacht sa Dáil den 5 Iúil 2011 agus go raibh sé an-deacair a fheiceáil conas a d’fhéadfadh an Roinn a mhaímh go raibh scaoileadh na faisnéise seo don tríú mór-ospidéal sa réigiún sin contrártha le leas an phobail. Mhol sé, déanta na fírinne, go mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail an fhaisnéis sin a scaoileadh i ndáil le hOpsidéal Ginearálta Mhaigh Eo chun go bhféadfaí díospóireacht phoiblí níos eolasaí a bheith ann i dtaobh na ceiste.

I mo thuairim, níl sé le tuiscint go mbeadh scaoileadh na faisnéise contrártha le leas an phobail, fiú amháin i gcás go mb’fhéidir go mbeadh iarmhairtí ag baint le scaoileadh na faisnéise agus go spreagfadh sé ceisteanna ó na meáin nó ó fhoinsí eile. Shamhlófaí go bhféadfaí go héasca míniú níos iomláine a chur ar fáil do bhall den phobal a cheisteodh na figiúirí nó cúlra mínithe breise a sholáthar dóibh i gcás go lorgóidís go scaoilfí an fhaisnéis.

Sa chás seo, chinn mé go ndearna an Roinn áibhéil maidir leis na cúiseanna imní maidir leis na himpleachtaí tromchúiseanna do shláinte an phobail, agus níor ghlac mé leis go mbainfí ó mhuinín an phobail maidir le tuarascálacha amach anseo dá scaoilfí an fhaisnéis.

Maidir leis an gceist cibé acu a mbainfí an bonn ó rúin níos leithne na Roinne i ndáil le feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí, bhí mé den tuiscint gur bhain an argóint seo le cúiseanna imní arna lua ag roinnt ospidéal faoi chruinneas na sonraí a bhí sa tuarascáil. Cibé scéal é, bhí mé in iúl freisin go raibh an Roinn i mbun próiseas comhairliúcháin le hospidéil chun dul i ngleic le cúiseanna imní i ndáil lena rún an tuarascáil a fhoilsiú agus ní fhéadfainn a fheiceáil go dtarlódh an dochar a luadh dá scaoilfí an fhaisnéis a lorgaíodh, go háirithe sa mhéid go raibh sé lánbheartaithe ag an Roinn an tuarascáil a fhoilsiú leis an tsaincheist gan athrú ann.

Chinn mé nach raibh an Roinn tar éis aon argóintí láidre a chur chun tosaigh a léirigh go mbeadh scaoileadh na faisnéise contrártha do leas an phobail. Chinn mé nach raibh an Roinn ceart i gcinneadh a dhéanamh rochtain na dtaifead a chur siar, faoi alt 11(1)(b) den Acht um SF.

An tUas. X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - Cás 110204

Chuir an tUas. X iarratas isteach chuig FSS chun rochtain a fháil ar “thaifid leighis” a thuismitheoirí nach maireann. Bhí FSS ag brath ar alt 28(1) den Acht um SF agus iad ag diúltú rochtain a sholáthar ar thaifid leighis maidir le hathair marbh an iarratasóra sa mhéid go raibh taifead ag an dochtúir teaghlaigh inar chuir a athair in iúl gur mhaith leis ainm an neasghaol a athrú ó ainm an iarratasóra go duine/daoine eile. Tá taifead eile ann a chuireann in iúl gur chuir an t-athair marbh in iúl don dochtúir teaghlaigh gur theastaigh uaidh gur leis an duine sin agus ní leis an iarratasóir a rachfaí i dteagmháil i gcás gur tharla aon rud dó.

Forálann alt 28(1) den Acht um SF go ndiúltódh comhlacht poiblí rochtain a sholáthar ar thaifead i gcás go nochtfaí faisnéis phearsanta maidir le tríú páirtí, lena n-áirítear faisnéis phearsanta a bhain le duine marbh. Cibé scéal é, foráiltear i rialacháin a rinneadh sa bhliain 2009 (Rialacháin fán Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 (Alt 28(6) R) 2009 (I.R. Uimh.387 de 2009)), ag airteagal 4(1)(b)(iii), go gceadófar rochtain ar thaifid maidir le duine marbh, faoi réir fhorálacha eile san Acht um SF, dóibh seo a leanas

“the spouse or the next of kin of the individual where in the opinion of the head, having regard to all the circumstances and to any relevant guidelines published by the Minister, the public interest, including the public interest in the confidentiality of personal information, would on balance be better served by granting than by refusing the request”

Tá sainmhíniú ar “Neasghaol” in Airteagal 4(2) de Rialacháin 2009 agus sna Nótaí Treorach le go ndéanfadh cinnteoirí breithniú air agus iad ag cur i bhfeidhm Rialacháin 2009. Bhí mé sásta ón iniúchadh a rinne mé ar na forálacha seo gur cháiligh an t-iarratasóir ina “neasghaol”, d’ainneoin go raibh a athair tar éis iarratas sainráite a dhéanamh é seo a athrú, Mar sin, chinn mé go mbreithneofaí iarratas an iarratasóra rochtain a fháil ar thaifid leighis a athar nach maireann de réir fhorálacha Alt 28(6) den Acht um SF, Rialacháin 2009 agus na Nótaí ábhartha Treorach arna bhfoilsiú ag an Aire Airgeadais.

Forálann Alt 28(6) den Acht um SF agus Rialacháin 2009 go scaoilfí faisnéis phearsanta maidir le daoine nach maireann do “neasghaolta” faoi choinníollacha áirithe.

Sonraítear sna Nótaí Treorach go gcaithfí fachtóirí áirithe a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cibé acu an mbeifí ag freastal níos fearr ar leas an phobail trí dhiúltú don iarratas nó nach mbeadh. I measc na bhfachtóirí sin tá:

  • Rúndacht na faisnéise pearsanta;
  • Cibé acu an mbeadh an duine marbh tar éis cur i gcoinne scaoileadh na dtaifead don iarratasóir agus é beo nó nach mbeadh;
  • Cineál an chaidrimh idir an t-iarratasóir agus an duine marbh; agus
  • Cineál na dtaifead a bhí le scaoileadh. I ndáil leis na taifid leighis, ba chóir aird chuí a thabhairt ar rúndacht na dtaifead leighis de réir na treorach Irish Medical Council Guide to Ethical Conduct and Behaviour.

Bhreithnigh mé taifead FSS i ndáil le mianta athair an iarratasóra. Chuir an dochtúir teaghlaigh in iúl do FSS ina dhiaidh sin go raibh sí den tuairim go raibh athair an iarratasóra ina shlánmheabhair nuair a rinne sé an t-iarratas. I bhfianaise na bhfachtóirí sin, ní raibh mé sásta go mbeadh athair an iarratasóra sásta go scaoilfí na taifid leis an iarratasóir dá mbeadh an t-athair beo chun cinneadh a dhéanamh. Aithníonn an tAcht um SF go bhfuil leas láidir an phobail i gceist le cosaint a thabhairt do phríobháideacht. Dá bhrí sin, chinn mé go bhfreastalófaí níos fearr ar leas an phobail i gcás go ndiúltófaí rochtain a sholáthar ar na taifid leighis a bhain le háthair marbh an iarratasóra.

An tUas. X agus Comhlacht Poiblí - Cás 120023

Lorg an t-iarratasóir taifid a bhain le hiniúchadh neamhspleách, a reáchtáladh ar iarratas óna fhostóir (comhlacht poiblí), ar cibé acu an raibh a ghníomhartha ina mhí-iompar nó nach raibh. Ar deireadh thiar, bhain an t-athbhreithniú le ríomhphost a chuir an té a reáchtáil an t-imscrúdú (an “tríú páirtí”) chuig an gcomhlacht poiblí tar éis dheireadh an imscrúdaithe, a choinnigh an comhlacht siar faoi alt 26(1)(a) den Acht um SF.

Ní féidir le comhlachtaí poiblí a bheith ag brath ar alt 26(1)(a) i ndáil le taifid arna n-ullmhú ag aon duine a chuireann seirbhís ar fáil do chomhlacht faoi chonradh seirbhíse, agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna, mura bhfuil dualgas i leith muiníne ag dul do pháirtí eile, seachtrach (tag. alt 26(2)). Cibé scéal é, mhaígh an comhlacht poiblí nach raibh an tríú páirtí ina “sholáthraí seirbhíse” a thuilleadh tráth ar sheol sé an ríomhphost, agus mar sin nach raibh alt 26(1)(a), díolúine éigeantach, ábhartha.

Le go mbeadh taifead díolmhaithe faoi alt 26(1)(a), bheadh gá faisnéis a bheith áirithe ann

  • a tugadh do chomhlacht poiblí faoi rún agus,
  • ar an tuiscint go gcaithfí leis faoi rún agus,
  • i dtuairim an cheannaire, gur dócha go ndéanfadh a nochtadh dochar d’fhaisnéis dá leithéid a thabhairt don chomhlacht amach anseo ón duine céanna nó ó dhaoine eile agus,
  • a bhfuil tábhacht ag baint leis don chomhlacht go leanfaí ag soláthair faisnéise den chineál seo don chomhlacht mar a luadh thuas.

Maidir leis an tástálacha sa chéad agus dara cás, nótáil m’Oifig nár léirigh an ríomhphost, ná an freagra a tugadh ar an ríomhphost, go raibh aon chineál tuisceana ag an gcomhlacht poiblí nó ag an tríú páirtí go raibh an fhaisnéis sa ríomhphost ina fhaisnéis faoi rún agus go gcaithfí leis faoi rún. Bhí an chuma air gur léirigh argóintí an chomhlachta phoiblí na coinníollacha faoinar chuir an tríú páirtí an ríomhphost, seachas cén fáth a raibh an seasamh céanna aige le haird ar na coinníollacha faoina bhfuair siad an ríomhphost. I ndáil leis seo, tagraím do thuairimí Macken J. i mbreithiúnas Rotunda ar tagraíodh dó roimhe seo, i ndáil leis an tábhacht a bhaineann le breithniú a dhéanamh ar ”the circumstances in which [the information] was imparted and received” (béim curtha isteach). Cibé scéal é, níor glacadh cinneadh maidir leis na tástálacha seo, i bhfianaise gur chinn m’Oifig nár sásaíodh an ceathrú tástáil thuas.

Bhí an chuma air gur ghlac an comhlacht poiblí leis nach raibh gá leanúint ag fáil cumarsáide amhail an ríomhphost i gceist. Mhaígh sé agus an tríú páirtí, ámh, dá scaoilfí an ríomhphost go mbeadh drogall ar an soláthraí seirbhíse obair a dhéanamh arís amach anseo don chomhlacht poiblí.

Cé go raibh an chuma air gur mhaígh an comhlacht poiblí nach raibh sé ar mhaithe le leas an phobail, dá réir, an taifead a scaoileadh, níl leas an phobail ábhartha ach amháin i gcás go nglacfadh duine leis go raibh an taifead díolmhaithe prima facie ó bheith scaoilte. Glacaim leis go mb’fhéidir go mbeadh sé tábhachtach do chomhlacht poiblí leanúint ag fáil faisnéis áirithe ó sholáthraithe seirbhíse (amhail soiléiriú ar shaincheisteanna nach féidir ach leosan iad a sholáthar) tar éis chur i gcrích conartha. De bhreis air sin, nótáil mé go bhféadfadh soláthraithe seirbhíse gá a bheith acu dul i dteagmháil le comhlacht poiblí, tar éis dheireadh an chonartha, i ndáil le cúrsaí atá íogair ó thaobh tráchtála de nó cúrsaí pearsanta. Cibé scéal é, ní raibh ceachtar breithniúchán ábhartha sa chás seo.

An rud a bhí ábhartha ná go raibh sé dealraitheach gur ghlac an comhlacht leis an ngá leanúint ag fáil faisnéise cosúil leis an bhfaisnéis sa ríomhphost. Déanaim nóta de nár mhínigh an comhlacht cén fáth a mbreithneodh sé soláthraithe seirbhíse a bheith drogallach seirbhís a chur ar fáil dó de réir conradh aontaithe seirbhíse, a leag amach cearta agus oibleagáidí an dá pháirtí, lena n-áirítear iadsan i ndáil le soláthar faisnéise.

Ní raibh mé sásta go raibh an argóint dóthanach gur comhlíonadh an ceathrú tástáil sa chás seo. Chinn mé nach raibh an cur i bhfeidhm a rinne an comhlacht ar alt 26(1)(a) ina chur i bhfeidhm ceart. Sa mhéid nach bhfuarthas aon argóintí go raibh aon fhoráil eile ón Acht um SF i bhfeidhm, threoraigh mé dóibh an taifead a scaoileadh.

An tUas. X f/ch. Y aturnaetha agus na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara – Cás 120084

Sa chás seo, chinn mé go raibh an ceart ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara diúltú d’iarratas de bhun alt I 28 den Acht um SF (a bhaineann le faisnéis phearsanta). Bhí an t-iarratasóir tar éis faisnéis a lorg a bhain le héilimh tríú páirt ar an Roinn maidir lena thailte agus a d’íoc an Roinn amach.

Tuigim go bhfuil mo chinneadh sa chás seo maidir le leas an phobail ag teacht salach ar chur chuige a ghlac mé i roinnt cásanna roimhe seo, mar ar chinn mé go raibh iarratasóirí ar chineálacha áirithe cúnaimh deontais, mar fheirmeoirí, inchomparáide le trádálaithe aonair agus mar sin, go mbeadh íocaíochtaí na ndeontas sin ag baint le cúrsaí gnó an trádálaí aonair agus mar sin nach faisnéis phearsanta a bheadh i gceist faoi na daoine i gceist. Cibé scéal é, glacadh na cinntí sin roimh bhreithiúnas Rotunda, ar thagair mé dó roimhe seo.

I measc rudaí eile, d’éiligh breithiúnas Rotunda orm an cur chuige a ghlac mé roimhe seo a athrú i mo léiriú ar an sainmhíniú ar cad is faisnéis phearsanta ann chun críocha an Achta um SF. Bhí mé sásta, le haird ar bhreithiúnas Rotunda, go raibh an fhaisnéis ag baint le híocaíocht deontas, amhail an fhaisnéis i gceist sna taifid sa chás seo, ina fhaisnéis phearsanta. Mar sin, bhí tionchar aige sin ar an gcaoi a ndearna mé meas ar thástáil leas an phobail.

Tar éis breithniú a dhéanamh ar an fachtóirí éagsúla a bhain le leas an phobail, bhí mé sásta nár sháraigh leas an phobail i gceadú iarratas an iarratasóra leas an phobail a bhain le cearta príobháideachta duine aonair nó daoine ar bhain an fhaisnéis leo.

news paper clippings