Caibidil 2: Athbhreithniú ar an mbliain

Achomhairc agus fiosruithe

Le linn na bliana 2012, fuair m’Oifig trí cinn déag d’achomhairc. I gcás ceithre cinn de na hachomhairc sin bhain siad le diúltú don iarratas i gceist ag an gcéim bhunaidh agus/nó ag céim an athbhreithnithe inmheánaigh. Tarlaíonn diúltú measta i gcás go dteipeann ar údaráis phoiblí cinneadh a eisiúint laistigh den uasteorainn ama atá sainithe sna Rialacháin (de ghné mí amháin).

Cuireadh aon cheann déag d’achomhairc i gcrích le linn na bliana. Eisíodh cúig chinneadh fhoirmiúla; tá achoimrí ábhartha sonraithe sa chéad chaibidil eile. An t-aon chinneadh nach bhfuil sonraithe bhí sé an-chosúil le cás CEI/11/0009, sa mhéid go raibh díospóid i gceist faoi cibé acu an raibh aon taifid bhreise ábhartha maidir leis an suíomh Glanbia i bPort Láirge á gcoinneáil ag Comhairle Contae Phort Láirge, nó don Chomhairle. Mar riail ghinearálta, déantar cinntí faoi achomharc a fhoilsiú ina n-iomláine ar shuíomh gréasáin m’Oifige ag www.ocei.gov.ie.

Measadh cás amháin a bheith tarraingthe siar agus go raibh sé socraithe chomh luath agus a scaoileadh an fhaisnéis a lorgaíodh tar éis idirghabháil m’Oifige. Tarraingíodh siar achomharc amháin sular glacadh leis, mar gur chuir an t-údarás poiblí an fhaisnéis a lorgaíodh ar fáil, cé go raibh sé déanach. Tarraingíodh achomharc eile siar tar éis teagmhálacha le m’Oifig. Scoradh de chás eile ar an mbonn, cé nach raibh an t-iarratasóir sásta le toradh an achomhairc, gur ghlac sí leis nach raibh aon fhaisnéis ábhartha bhreise arna coinneáil ag an údaráis poiblí agus nach bhféadfaí aon rud breise a bhaint amach trí leanúint leis an gceist. Measadh dhá achomharc eile a bheith neamhbhailí, i gcás amháin sa mhéid nár lorgaíodh aon athbhreithniú inmheánach agus sa chás eile sa mhéid gur chinn m’Oifig nach raibh sé d’údarás againn athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist.

D’eascair díreach breis is leath de na hachomhairc ó iarratais ar údaráis áitiúla agus ar ranna rialtais. I masc na n-údarás poiblí eile a ndearnadh achomharc ar a gcinntí bhí Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, Institiúid Marino, Eirgrid Plc, agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair.

Bhí sé cinn déag de chásanna ar láimh ag deireadh na bliana. Ar taifead ag m’fhoireann bhí 30 fiosrú ginearálta faoi na Rialacháin.

Airteagal 12(6) de na Rialacháin

Tugann Airteagal 12(6) de na rialacháin cumhachtaí áirithe dom agus mé ag déileáil le hachomharc. Is féidir liom:

  • éileamh ar údarás poiblí faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil dom,
  • cóipeanna d’fhaisnéis faoin gcomhshaol a iniúchadh agus a thógáil, ar faisnéis í arna coinneáil ag údaráis poiblí, agus
  • dul isteach in aon áitreabh ina bhfuil údarás poiblí lonnaithe chun faisnéis faoin gcomhshaol a fháil

Is cúis áthais dom é a thuairisciú nach raibh orm an fhoráil seo a agairt le linn 2012.

Saincheisteanna a tháinig chun cinn sa bhliain 2012

Anuraidh, mar a tharla i mblianta roimhe sin, thrácht mé ar an ngníomhaíocht íseal faoi na Rialacháin. I dTuarascáil na bliana seo caite, leag mé béim freisin ar na deacrachtaí praiticiúla a bhí ag m’Oifig i ndáil le feidhmiú an chórais RFC. I mbliana ba mhaith liom béim a leagan ar an easpa acmhainní atá ar m’Oifig.

Cé go bhfuil an OCFC ina hOifig neamhspleách ó thaobh dlí de, go dtí seo, níor leithdháileadh aon mhaoiniú breise air ón Stát agus bíonn ar an Oifig brath go hiomlán ar na hacmhainní atá ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OCF). Cibé scéal é, tá an OCF sínte anois thar theorainneacha a hacmhainneachta, agus tá riaráistí suntasacha cásanna ar láimh faoi láthair, agus tá ar an oifig aghaidh a thabhairt ar mhéadú suntasach ar an éileamh atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar athruithe sa reachtaíocht faoi Shaoráil Faisnéise. De bhreis air sin, cé go raibh an líon achomharc RFC a fuarthas fanta íseal go leor, bíonn na hathbhreithnithe casta de ghnáth nó dian ar acmhainní.

Mar thoradh air sin, de ghnáth bíonn moill shuntasach ar achomhairc RFC a thabhairt chun críche. I gcás amháin ó 2010 a bhí thar a bheith casta, a bhain le conradh do thógáil agus oibriú loisceoir an Phoill Bhig, níor cuireadh i gcrích é ach trí shocrú, agus tá cás eile ó 2011 fós ar feitheamh. Tuigim nach bhfuil seo sásúil don phobal a fhéachann le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol d’fhonn páirt a ghlacadh ar bhonn níos éifeachtaí sa chinnteoireacht faoin gcomhshaol, mar a bhí beartaithe leis an Treoir. Scríobh Ard-Rúnaí an dá Oifig thar mo cheann chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag lorg foireann bhreise. I láthair na huaire, ámh, níl sé indéanta dom tuilleadh acmhainní foirne a leithdháileadh ar achomhairc RFC a phróiseáil.

Déanaim nóta de, ar cheann de na bearta atá ann d’údaráis phoiblí chun laghdú ar an ualach riaracháin atá i gceist le hiarratais RFC a phróiseáil tá ceanglais bainistíochta faisnéise a chomhlíonadh, ar ceanglais iad atá sonraithe in Airteagal 5 de na Rialacháin. Mar a luaigh mé i gCaibidil 1, tá sé beartaithe le córas RFC go ndéanfaí an fhaisnéis arna coinneáil ag údaráis phoiblí maidir leis an gcomhshaol a eagrú, a bhainistiú, a chatalógú go córasach agus go mbeadh sé ar a laghad ullamh le scaipeadh ar an bpobal. Dhéanfadh cleachtais bainistíochta faisnéise mar sin laghdú ar an líon acmhainní ba ghá ó bhaill aonair foirne agus iad ag cuardach faisnéise faoin gcomhshaol agus á haisghabháil tar éis iarratas a fháil don fhaisnéis sin. Mar thoradh ar scaipeadh gníomhach na faisnéise faoin gcomhshaol arna coinneáil ag údarás poiblí ar a shuíomh gréasáin ní bheadh gá le hiarratas foirmiúil ar an gcéad ásc. Tagraím dó seo sa chéad chaibidil eile i m’achoimre ar Chás CEI/11/0009.

Breithiúnais ón Ard-Chúirt agus ón gCúirt Uachtarach

Féadfaidh páirtí in achomharc le m’Oifig nó aon duine eile a mbeadh tionchar ag mo chinneadh orthu, achomharc a dhéanamh leis an Ard-Chúirt ar phointe dlí ón gcinneadh. Rinneadh achomharc in dhá chás chomhchosúla ag déileáil le raon an tsainmhínithe ag an údarás poiblí, CEI/10/0005 – Mr. Gavin Sheridan and the National Asset Management Agency, and CEI/10/0007 – Mr. Gavin Sheridan and Anglo Irish Bank, chuig an Ard-Chúirt i mí na Samhna 2011. Éisteadh leis an achomharc a rinne an Ghníomhaireacht um Bainistiú Sócmhainní Náisiúnta (GBSN) ar feadh dhá lá i mí Iúil 2012. Ina dhiaidh sin, lorg an Chúirt aighneachtaí breise, agus reáchtáladh éisteacht eile ar an 31 Deireadh Fómhair 2012. Tugadh an breithiúnas ar an 27 Feabhra 2013, ag seasamh le mo thorthaí mar ar cinneadh go raibh an GBSN ina údarás poiblí laistigh de chiall na Rialachán.

Ní dhearnadh aon achomharc nua chuig an Ard-Chúirt i gcoinne chinntí m’Oifige sa bhliain 2012. Tá achomharc m’Oifige leis an gCúirt Uachtarach i gcoinne bhreithiúnas an Bhreithimh O’Neill in An Taoiseach v. An Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil (Cás CEI/07/0005) fós ar feitheamh.

Staitisticí

  • Achomhairc faighte: 13

Achomhairc a fuarthas

Appeals received
  • Achomharcóirí le CFC: 11

Iarratasóirí do CFC

Appellants to CEI

Toradh ar achomhairc CFC de réir bliana

  • 5 chinneadh
  • 2 neamhbhailí
  • 2 tarraingthe siar
  • 1 socraithe
  • 1 scortha *

* Ar mhaithe le chomhsheasmhacht agus torthaí á dtaifeadadh, áiríodh an t-athbhreithniú ‘scortha’ sa staitistic ‘socraithe’ sa bharra-chairt thíos.

Toradh achomhraic críochnaithe

Outcome of CEI appeals by year
  • Diúltuithe measta (an chéad agus/nó an dara céim)

Diúltaithe measta

Deemed Refusals
  • Ag tosú le mo chéad Tuarascáil Bhliantúil eile, tá sé beartaithe agam a áireamh i dTuarascálacha amach anseo sonraí na gcomhlachtaí poiblí i gcás gur cinneadh go raibh an diúltú ag eascairt ó theip freagairt laistigh de na spriocdhátaí atá sonraithe sna Rialacháin sa chéad chéim agus/nó sa dara céim.