Caibidil 2: Saincheisteanna ag teacht chun cinn

Is é aidhm na caibidle seo ná béim a leagan ar na saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú an Achta um SF, ar saincheisteanna iad a tháinig chun cinn le bliain anuas. Saincheisteanna oibríochtúla a bhí i gceist i roinnt cásanna agus bhain siad le comhlachtaí poiblí áirithe, agus saincheisteanna eile ba chúrsaí iad a bhí le réiteach ag leibhéal an Rialtais nó ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Seo a leanas na saincheisteanna a pléadh:

Athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta um SF

Tráth ar foilsíodh na Dréacht-Mhírchinn den Bhille um Leasú an Achta um SF i mí Iúil 2012, d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freisin go ndéanfadh a Roinn athbhreithniú níos spriocdhírithe ar bhainistiú iarratas um SF chun a chinneadh cad iad na feabhsúcháin i bhfeidhmiú an Achta a d’fhéadfaí a bhaint amach agus cad iad na céimeanna ba ghá chun féachaint le dea-chleachtas in úsáid an Achta a chur chun cinn.

D’fháiltigh mé roimh an togra seo agus is cúis áthais dom é a fhógairt gur iarraidh ar m’Oifig páirt a ghlacadh sa ghrúpa athbhreithniúcháin. I mo thuairim, tá raon nithe tábhachtacha a bhfuil gá díriú orthu mar ábhar práinne, lena n-áirítear ról an Aonaid Lárnaigh Polasaí amach anseo laistigh den Roinn, riachtanais leanúnacha oiliúna maidir le SF i gcomhlachtaí poiblí, lena n-áirítear comhlachtaí poiblí faoin sainchúram agus na comhlachtaí poiblí a bhfuil sé beartaithe iad a bheidh faoin sainchúram, agus an gá méadú ar an méid faisnéise a chuirtear ar fáil mar ghnáthamh lasmuigh den chóras SF. Táim ag tnúth le torthaí dearfacha ó bhreithniúcháin an ghrúpa.

Tá mé dóchasach go mbeidh oscailteacht agus trédhearcacht shuntasach, leasmhar mar thoradh ar na hathruithe beartaithe i réimse na SF. Tá córas SF atá ag feidhmiú go maith ina ghné ríthábhachtach den fhíordhaonlathas. Tá ról riachtanach aige i gcur le cuntasacht agus riarachán polaitiúil ach níos tábhachtaí fós le dlisteanacht.

Forálacha neamhnochta Alt 32

In Alt 32 den Acht um SF foráiltear do dhiúltú éigeantach ar rochtain ar thaifid áirithe i gcás go bhfuil nochtadh toirmiscthe, nó nach bhfuil údarú ann dá nochtadh, trí achtacháin eile. Tá Alt 32 ina fhoráil thar a bheith tábhachtach sa mhéid go bhfo-ordaíonn sé na forálacha rochtana faoin Acht um SF chuig gach foráil neamhnochta i reachtanna, ach amháin dóibhsean atá luaite sa Tríú Sceideal den Acht um SF. Forálann an tAcht le go ndéanfadh an Coiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú athbhreithniú gach cúig bliana ar fheidhmiú aon achtacháin a údaraíonn nó a éilíonn neamhnochtadh taifead, chun a chinneadh cibé acu ar chóir é a leasú nó a aisghairm nó é a chur leis an tríú sceideal nó nár chóir.

An t-athbhreithniú deireanach den chineál seo a reáchtáladh ná sa bhliain 2005 agus tá sé thar am anois athbhreithniú eile a dhéanamh. Nuair a tháinig mé os comhair an Chomhchoiste chun plé a dhéanamh ar Dhréacht-Mhírchinn an Bhille um Leasú SF, thuairiscigh mé go léiríonn na tuarascálacha ó na hAirí indibhidiúla a cuireadh ar fáil do m’oifig, gur tugadh isteach a lán forálacha nua maidir le neamhnochtadh in achtacháin indibhidiúla ó rinneadh dlí den Acht um SF i mí Aibreáin 1997. Go deimhin féin, tá neamhinfheidhmeacht an Achta um SF ina chuid chaighdeánach de roinnt mhaith Achtanna.

Tá méadú ar líon na bhforálacha maidir le neamhnochtadh atá á dtabhairt isteach in achtacháin indibhidiúla. Tá Ranna ag tuairisciú tuairim is 230 achtachán ina bhfuil forálacha maidir le neamhnochtadh, agus den méid sin rinneadh dlí de 50% ó bhí 1 Eanáir 1998 ann. Ciallaíonn seo gur tugadh isteach an méid céanna forálacha maidir le neamhnochtadh ó 1997 is a tugadh isteach sna 75 bliain roimhe sin. Mhol mé don Chomhchoiste gur tráthúil é dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú alt 32, i bhfianaise na dtograí reatha leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht um SF, agus aon athruithe beartaithe ag eascairt ón athbhreithniú a ionchorprú sa Bhille. Ag tráth an scríofa (Márta 2013), ní raibh aon fhógra faighte agam ón gComhchoiste maidir le rún an t-athbhreithniú sin a reáchtáil.

Ualach oibre na hOifige

Sa timpeallacht eacnamaíochta reatha, tá dúshlán i ndán do beagnach gach comhlacht poiblí, dul i ngleic leis an éileamh atá ag méadú fad is atá acmhainní ag laghdú, agus tá an Oifig agam sa riocht céanna leo. De bhreis air sin, mar a mhínigh mé i gcaibidil 1, tá méadú ar líon na n-athbhreithnithe atá níos casta agus níos fadálaí. D’ainneoin sin, tuigim go bhfuil tionchar ag moill ar chur i gcrích iarratais ar athbhreithniú. I minic a nocht mé mo thuairim go poiblí gurb ionann é go praiticiúil moill a chur le faisnéis agus faisnéis a dhiúltú.

Ag tús na bliana seo, bhí breis is 200 iarratas ag m’Oifig le hathbhreithniú a dhéanamh orthu, atá isteach is amach cothrom le líon iomlán na n-athbhreithnithe a cuireadh i gcrích sa bhliain 2012. Níl seo inghlactha agus níl sé inghlactha ach oiread nár dúnadh ach 19% de na cásanna sa bhliain 2012 laistigh den amscála dá bhforáiltear san Acht um SF.

Ina fhianaise seo, chuir m’Oifig tús le próiseas an athchóirithe, lena n-áirítear athbhreithniú iomlán ar struchtúir agus ar phróisis eagraíochtúla ag féachaint le hathruithe a chur i bhfeidhm a bhfuil mar aidhm leo feabhas a chur ar agaí críochnaithe cásanna agus méadú ar an tréchur cásanna. Tá an próiseas cosúil leis an bpróiseas ag Oifig an Ombudsman, próiseas a raibh feabhsúcháin shuntasacha mar thoradh air.

Mar bheart eatramhach, thug m’Oifig isteach próiseas ‘triáise’, mar a ndéanfar iniúchadh ar gach iarratas nua chun a cinneadh cibé acu an mbeadh sé indéanta réiteach níos gasta a fháil ar an scéal nó nach mbeadh. Cuireadh an próiseas ‘triáise’ seo in oiriúint ó thionscnamh an Ombudsman dá dtagraítear thuas agus ar cuireadh tús leis go déanach sa bhliain 2012. Tá súil agam go mbeidh feabhsúcháin shofheicthe mar thoradh ar an athbhreithniú ar na struchtúir agus na próisis sa tréchur cásanna agus sna hagaí críochnaithe cásanna.

Géilliúlacht na gcomhlachtaí poiblí

Tá m’Oifig ar a dícheall caidrimh níos fearr oibre a chothú le comhlachtaí poiblí ionas gur féidir, mar shampla, i gcás cásanna deacra nó casta, saincheisteanna a réiteach gan iomarca cuir is cúitimh agus le spiorad an chomhoibrithe. Ta cumarsáid mhaith riachtanach chun na caidrimh sin a chothú, ach ó am go chéile, ní leor an teagmháil phearsanta idir foireann m’Oifige agus ionadaithe na gcomhlachtaí poiblí chun ‘an jab a dhéanamh’. Sna cásanna sin is gá dom brath ar fhorálacha amhail alt 37 den Acht um SF.

I roinnt beag cásanna le linn na mbliana cheistigh comhlachtaí poiblí cibé acu ar chóir faisnéis a lorg m’Oifig faoi alt 37 den Acht um SF a chur ar fáil nó nár chóir. Tuigim na cúiseanna imní a bhíonn ar na comhlachtaí poiblí maidir leis an bhfaisnéis arna coinneáil acu agus na hoibleagáidí atá orthu i ndáil leis an bhfaisnéis sin, a d’fhéadfadh bheith an-íogair. Cibé scéal é, forálann alt 37 den Acht um SF go gcuirfeadh comhlacht poiblí aon fhaisnéis ar fáil do m’Oifig a meastar í bheith ábhartha chun críocha athbhreithnithe. Go háirithe, ba mhaith liom a mheabhrú do chomhlachtaí poiblí go bhforálann alt 37(3) den Acht um SF nach gcuirfidh aon achtachán nó riail dlí a thoirmisceann nó a shrianann nochtadh nó cumarsáid faisnéise bac ar aon duine an fhaisnéis nó an taifead sin a chur ar fáil don Choimisinéir. I gcásanna áirithe sa bhliain 2012, mar thoradh ar mhearbhall a bheith ar dhaoine faoi fhorálacha alt 37 agus na hoibleagáidí ar chomhlachtaí poiblí, bhí moill leis an bpróiseas imscrúdaithe.

Treocht imníoch eile, a raibh díol suntais ag baint leis sa bhliain 2012, ná go raibh an claonadh ag comhlachtaí poiblí síneadh a lorg le spriocdhátaí a leag m’fhoireann síos nuair a bhí taifid, aighneachtaí etc. á lorg. Cé go meastar gach cás ar a fhiúntas féin, níl sé iomchuí i gcoitinne bheith ag tabhairt sínte ar fhorais acmhainní neamhleora. Is fíor nach dtuigeann comhlachtaí poiblí go bhfuil riarachán an Achta um SF ar cheann de na feidhmeanna reachtúla atá acu féin agus mar sin ba chóir caitheamh leis ar an gcaoi chéanna is a chaitear le feidhmeanna reachtúla eile. Is cúis shuntasach imní é dom gur norm é síneadh a lorg, agus comhlachtaí poiblí ag breithniú iarratas ó m’Oifig.

Mar a luaigh mé cheana, tá spriocanna sonracha socraithe ag m’Oifig chun ráta níos airde de chur i gcrích athbhreithnithe a bhaint amach laistigh de thréimhse ceithre mhí. Is léir, go n-éileoidh seo roinnt mhaith comhoibrithe le comhlachtaí poiblí, agus tá súil agam go n-aithneoidh comhlachtaí poiblí an tábhacht a bhaineann le cloí le spriocdhátaí agus le forálacha an Achta má táthar chun feabhas a chur ar leibhéal na seirbhíse d’úsáideoirí SF.

Socruithe

Le linn m’athbhreithnithe, féadfaidh m’Oifig iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbainfí amach réiteach idir na páirtithe i gceist, agus an aidhm leis ná réiteach a fháil ar an gcás gan gá le cinneadh ceangailteach. Le linn 2012, rinneadh 45% de na hathbhreithnithe críochnaithe a shocrú nó a tharraingt siar. Tá sé ina thaithí leanúnach ag m’Oifig thar na blianta go bhfuil raon suntasach ann do réiteach ar athbhreithnithe agus dúirt mé cheana go dtugann sin le fios go bhfuil raon suntasach ann do chomhlachtaí poiblí cur chuige níos gníomhaí a ghlacadh i dul i gcomhar le hiarratasóirí cinneadh a dhéanamh cibé acu an féidir freastal ar a riachtanais trí chúngú a dhéanamh ar na difríochtaí idir an dá pháirtí nó nach féidir agus mar seo teacht ar chomhaontú nó ar shocrú inghlactha.

Cé gur féidir leis an bpróiseas socraithe a bheith fadálach d’fhoireann m’Oifige agus go mbíonn gá le leibhéal áirithe solúbthachta ó gach páirtí i gceist, táim cinnte de go bhfuil an próiseas fiúntach. Mholfainn do chomhlachtaí poiblí teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na hiarratasóirí ag féachaint le socruithe a bhaint amach sna cásanna sin i gcás nach dócha go gceadófar a n-iarratas ina iomláine.

Seo thíos sampla de chás a socraíodh sa bhliain 2012

Tháinig m’Oifig ar shocrú i mí Feabhra 2012 leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha i ndáil le hiarratas rochtain a fháil ar thaifid a bhain leis an Oifig Víosaí in Abú Daibí, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Sa chás bhí líon mór taifead i gceist ar éilíodh a lán díolúintí maidir leo. I roinnt mhaith de na taifid bhí faisnéis a bhain le caidrimh idirnáisiúnta an Stáit agus ghlac mo Imscrúdaitheoir leis mar sin gur tháinig siad faoi raon alt 24(1)(c) den Acht um SF. Cibé scéal é, d’easaontaigh sí leis an Roinn i ndáil le hinghlacthacht maidir le díolúine aicme-bhunaithe faoi alt 24(2)(c) den Acht. D’easaontaigh sí freisin leis an Roinn go raibh feidhm ag alt 20(1) den Acht, an díolúine a bhain le próiseas breithniúcháin ag comhlacht poiblí, le cúrsaí áirithe riaracháin a réitíodh le hoscailt na hoifige víosaí. De bhreis air sin, bhí ceisteanna aici faoi roinnt éileamh eile ar dhíolúine a bhí déanta.

Sna cúinsí seo, bheartaigh m’Imscrúdaitheoir cruinniú leis an Roinn, ag míniú gur theastaigh uaithi obair i dtreo réiteach a fháil ar na cúrsaí a bhain le scaoileadh na faisnéise nach raibh íogair a thuilleadh, agus fós féin cosaint a thabhairt don fhaisnéis a bhí fós íogair. D’aontaigh an Roinn leis an moladh, agus reáchtáladh cruinniú cuiditheach ina dhiaidh sin ar fhreastal m’Imscrúdaitheoir agus beirt oifigeach ón Roinn air agus mar ar pléadh go domhain na taifid agus na saincheisteanna ábhartha. Tar éis an chruinnithe agus na teagmhála ina dhiaidh sin, d’aontaigh an Roinn go scaoilfí na taifid ar léiríodh nach raibh siad íogair a thuilleadh. D’aontaigh an t-iarratasóir, ina dhiaidh sin, an cás a réiteach ar an mbonn sin agus mar sin tharraing siar an t-iarratas ar athbhreithniú.

newspaper clippings Irish Times 13-02-2012 and Irish Times 01-08-2012