Faigh amach cé na nithe a bhféadfaidh Oifig an Choimisinéara Faisnéise athbhreithniú a dhéanamh orthu agus cad is gá duit a dhéanamh sula ndéanfaidh tú iarratas.

Na breitheanna a bhféadfaimid athbhreithniú a dhéanamh orthu

Déanaimid athbhreithniú ar bhreitheanna a thugann comhlachtaí poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Áirítear leo sin:

  • Diúltú géilleadh do rochtain ar thaifead
  • Diúltú géilleadh do rochtain ar chuid de thaifead
  • Diúltú géilleadh do rochtain ar thaifead san fhormáid inar iarr tú í (faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, féadfaidh tú fótachóip, athscríbhinn nó diosca ríomhaire a iarraidh nó féadfaidh tú a iarraidh go dtabharfaí deis duit doiciméad a iniúchadh)
  • Rochtain ar thaifead a iarchur
  • Breith maidir le hiarraidh ar fhaisnéis phearsanta a cheartú
  • Diúltú cúiseanna a thabhairt le gníomh comhlachta phoiblí a dhéanann difear ábhartha duit
  • Breith maidir le táille nó éarlais ar iarr an comhlacht poiblí í
  • Breith faoi alt 38 (e.g. i gcás go gcinnfidh údarás poiblí faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a eisiúint chuig tríú páirtí ar mhaithe le leas an phobail)
  • Breith chun an teorainn ama don bhreith ón údarás poiblí a fhadú

Sula ndéanfaidh tú iarratas

Athbhreithniú Inmheánach a iarraidh

Sula ndéanfaidh tú iarratas ar athbhreithniú chugainn, ba cheart duit iarraidh ar an gcomhlacht poiblí a thug an bhreith maidir le d’iarraidh saorála faisnéise Athbhreithniú Inmheánach a dhéanamh

An próiseas

Féadfaidh tú Athbhreithniú Inmheánach a iarraidh laistigh de cheithre seachtaine ón mbreith bhunaidh a fháil. Beidh an tAthbhreithniú Inmheánach á dhéanamh ag ball foirne a bheidh níos sinsearaí ná an ball foirne a thug an bhreith bhunaidh. Beidh tréimhse trí seachtaine ag an gcomhlacht poiblí ansin chun an tAthbhreithniú Inmheánach a chríochnú agus breith nua a sheoladh chugat.

I gcás nach bhfaighidh tú aon fhreagra

Mura dtugann comhlacht poiblí freagra ar an iarraidh saorála faisnéise uait nó ar an iarraidh uait ar Athbhreithniú Inmheánach laistigh den tréimhse ama riachtanach, déanfar an “iarraidh a mheas a bheith diúltaithe”. Beidh sé de cheart agat bogadh ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile ansin.

Eisceachtaí ón gceanglas a bhaineann le hathbhreithniú inmheánach

I bhformhór na gcásanna, ní ghlacfaimid le hiarratas ar athbhreithniú ach amháin tar éis Athbhreithniú Inmheánach a chríochnú. Déanfar eisceacht sna cásanna seo a leanas:

  • Thug Ceann an chomhlachta phoiblí an bhreith bhunaidh
  • Chuaigh an comhlacht poiblí i gcomhairle le tríú páirtí faoi alt 38 agus chinn sé faisnéis atá rúnda, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis phearsanta a eisiúint ar mhaithe le leas an phobail.
  • Rinne an comhlacht poiblí an teorainn ama ar Iarraidh Saorála Faisnéise a fhadú
  • Chinn an comhlacht poiblí nach bhfuil feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise maidir leis na taifid a d’iarr tú
  • Chinn an comhlacht poiblí rochtain ar thaifead a iarchur faoi alt 16

Teorainneacha ama

Tríd is tríd, féadfaidh tú iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh chugainn laistigh de shé mhí ón mbreith ón gcomhlacht poiblí a fháil. Féadfaimid an teorainn ama a fhadú i gcás go measfaimid go bhfuil forais réasúnacha ann le déanamh amhlaidh.

Ní bheidh ach dhá sheachtain agat chun iarratas a dhéanamh chuig an oifig sna cásanna seo a leanas:

  • Tá feidhm ag alt 38 maidir leis an mbreith ón gcomhlacht poiblí, nó
  • Chinn an comhlacht poiblí an teorainn ama le haghaidh breithniú a dhéanamh ar an iarraidh saorála faisnéise uait a fhadú

Ar mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise? Gheobhaidh tú rialacháin, cóid chleachtais agus lámhleabhair ar shuíomh Gréasáin an Láraonaid Bheartais um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Breitheanna ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Is ceangailteach le dlí atá an bhreith uainn ar athbhreithniú. Féadfaidh an t-iarratasóir nó an comhlacht poiblí nó páirtí a ndearnadh difear dó achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí in aghaidh na breithe uainn.

Déan iarratas ar athbhreithniú